TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
stumble1, s. Tuisle m, barrthuisle m.
stumble2, v.i. 1 Tuislím, baintear barrthuisle asam. He was stumbling along, bhí sé ag stamrógacht leis. He stumbled over sth., bhain rud éigin tuisle as. 2 He stumbled (in his speech), bhain stad dó (ina chuid cainte). Stumbling through his lessons, ag bacadradh trína cheachtanna. 3 To stumble across, on, s.o., sth., teacht ar dhuine, ar rud, de thaisme.