ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He wore his cap at an angle, bhí a chaipín ar leathstuaic air.
She wore rings in her ears, bhí fáinní aici ina cluasa.
He wore a flour-bag for a shirt, bhíodh mála plúir mar léine air.
He wore his usual garb of indifference, bhí sé ar an aiste is gnáthaí aige, ar nós chuma liom.
A better man never wore shoes, fear ab fhearr ná é níor sheas riamh i mbróig.
She wore a black silk, bhí éadach den síoda dubh uirthi.
He wore a very pleased expression, bhí cuma an-sásta ar fad, fhíorshásta, air.
He wore his coat threadbare, chaith sé an cóta go raibh sé scáinte.
He wore himself to death, mharaigh sé é féin le sclábhaíocht.
It wore into holes, rinne criathar poll de; rinne sé poill ar fad.
(Of stone) It wore smooth, d'éirigh sé mín leis an gcaitheamh.
That cloth wore well, bhí caitheamh maith san éadach sin.
The novelty of the sight soon wore off, ba ghearr nach raibh nuacht ar bith sa radharc.
As the evening wore on . . ., de réir mar a bhí an tráthnóna á chaitheamh . . .
He wore himself out, spíon sé é féin.
He wore out his days in captivity, mheil sé an chuid eile dá shaol i mbraighdeanas.