TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
very, I a. 1 Fíor, dílis. The veriest fool knows that, tá a fhios sin ag an amadán is mó amuigh. 2 a Céanna, féin. He lives in this very place, tá sé ina chónaí san áit cheannann chéanna seo, san áit seo féin. You are the very man I wanted, is tú an fear céanna a bhí uaim. We shall appoint x, he is the very man, ceapfaimid x, is é an fear ceart é. At that very moment, ar bhuille na huaire sin. A year ago to the very day, bliain is an lá inniu go díreach. These are his very words, sin go díreach mar a chan sé é. S.a. THING 3 b At the very beginning, i bhfíorthosach. He knows our very thoughts, d'aithneodh sé an smaoineamh a bheadh i do chroí. The very children knew of it, bhí a fhios ag na leanaí féin é. The very thought frightens me, tig critheagla orm is gan ach smaoineamh air. ► verily, adv. B: Verily I say unto you . . ., go dearfa, go deimhin féin, deirim libh ... But verily .... ach cheana ... II ► very, adv. 1 An-; rí-, fíor-. A very good horse, an-chapall m. Very good, an-mhaith. You are not very polite, níl tú rómhúinte. He is not very well pleased, ní róshásta atá sé. That's very nice of you, is rómhaith uait é sin. Very tired, tuirseach i gceart. It is not so very small, níl sé chomh beag sin ar fad. It is so very small, tá sé chomh beag bídeach sin. It isn't so very difficult, dheamhan a bhfuil sé chomh deacair sin ar fad. He wore a very pleased expression, bhí cuma an-sásta ar fad, fhíorshásta, air. I was very much surprised, F: very surprised, bhí mo shá iontais, an-iontas, iontas an domhain, orm. I feel very much better, braithim feabhas mór orm féin, airím i bhfad níos fearr, aithním biseach mór orm féin. 2 The very first day, an chéad lá in Éirinn; an chéad lá riamh. To this very day, go dtí an lá atá inniu ann. The very best, an scoth. The very top, bottom, an fíorbharr, an fíoríochtar. The very centre, an ceartlár. The very truth, an fhírinne ghlan; corp na fírinne. I did the very best I could, rinne mé mo mhíle dícheall. The very next day, an lá dar gcionn go díreach. At the very most, ar a mhéad; ar an gcuid is mó de. At the very latest, ar a dhéanaí. The very same, díreach mar a chéile; a mhacasamhail díreach. The very same man, an fear ceannann céanna.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
A very able man, fear an-ábalta.
He is very accessible, tá sé an-fhurasta dul chun cainte leis.
He was caught in the very act, thángthas air le linn na coire.
He holds very advanced ideas, tá sé i bhfad chun tosaigh ina dhearcadh.
I was very much affected by it, chuir sé as dom go mór.
He is very much alive, (i) tá sé an-bheoga; (ii) tá sé iontach furchaí san intinn.
It is very annoying, is mór an crá é.
Very anxious, extremely anxious, an-imníoch.
He is not very anxious to learn, níl fonn mór foghlama air.
I am very anxious that he should come, tá mé ag súil go crua lena theacht.
His remarks were very appropriate, fuair sé le rá é.
He was very attentive to her, bhí sé ag déanamh cúraim mhóir di.
It is very bad of you . . ., is olc uait . . ., is olc an mhaise dhuit . . .
(Ill, diseased) She is very bad to-day, tá sí go han-dona inniu.
He took it very badly, ghoill sé go mór air, ghlac sé go holc é.
(Emphatically) Isn't it very cold, nach é atá fuar!, (Yes), it is, tá, is é.
Before my (very) eyes, os coinne mo dhá shúl.
It is very big, tá sé an-mhór, tá méid mhór ann.
From the very bottom of my heart, ó cheartlár mo chroí; ó mo chroí amach.
They are very much bound up in each other, tá siad an-doirte dá chéile.
It is the very breath of life to me, is ionann is beatha dom é.
Very capable doctor, dochtúir m cumasach, ábalta.
It is a very clever device, deis f intliúil í; is mór an intleacht é. cleverly, adv. Go cliste, etc.
He is very comfortable, tá sé ina shuí go te.
He is very good company, is breá an chuideachta é.
He has got a very good conceit of himself, tá an-bharúil aige de féin.
He looked very much concerned, bhí dreach imníoch air.
It is very confusing, chuirfeadh sé duine amú go mór.
At, to, this (very) day, go dtí an lá atá inniu ann.
A very decent sort of fellow, duine breá galánta, duine gnaíúil.
It was very disappointing, ba mhór an t-údar díomá é.
That was very discouraging, ba údar mór drochmhisnigh é sin.
It is very disquieting, is mór an t-údar imní é.
They do you very well at this hotel, cuirtear cóir an-mhaith ar dhaoine sa teach aíochta seo.
He does with very little food, tagann sé le beagán beatha.
The very dregs of the population, dríodar na ndaoine, luspairt f.
Very early in the morning, go dea-mhoch ar maidin; ar béal maidine; sa deargmhaidin.
He is very much in earnest, (i) tá sé lán dáiríre; (ii) tá a chroí san obair aige. S.a. DEAD I. 5.
Very exclusive club, club an-leithleasach.
To be very much in the public eye, bheith go mór os comhair an phobail.
The very fact of your being there . . ., amháin go mbeifeá ann . . .
This chair feels very comfortable, tá compord sa chathaoir seo.
There are very few of us, níl ach scata beag againn ann.
(Of food) Potatoes are very filling, dhéanfá do chuid ar bheagán prátaí.
Iron: That's all very fine, but . . ., tá sin go breá, ach . . .
Prices are cut very fine, tá na luachanna íslithe go mór.
He succeeded the very first time, d'éirigh leis den chéad iarracht, ar an gcéad iarracht.
He was among the very first, bhí sé ar an gcéad dream ar fad.
He is very forgetful, níl aon chuimhne aige.