SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
balcaisí éadaigh, éadach stróicthe
beart faoi ascaill; triantán éadaigh curtha isteach in ascaill cóta etc. chun é a líonadh amach
ball éadaigh; ceirt, giobal
píosa éadaigh nó ábhair eile le rudaí a choinneáil i gceann a chéile
píosa éadaigh a chuirtear faoi smig linbh lena bhrollach a choinneáil glan; naprún beag
píosa éadaigh a chastar thart ar ghortú nó ar chneá
ball éadaigh ar nós léine a chaitheann bean ar a cabhail
an chuid de bhall éadaigh a théann thart ar an muineál
leithead mór éadaigh faoi bhlaincéid sa leaba
clóca scaoilte gan muinchillí; clúdach d'uige thiubh éadaigh (brat urláir, brat staighre); clúdach ar bith (brat sneachta, brat allais)
leithead éadaigh agus dathanna éagsúla air, crochta ar cuaille (uaine, bán agus flannbhuí na dathanna atá ar bhratach na hÉireann)
píosa éadaigh; bindealán; bréidín
ball éadaigh ón gcoim síos a bhfuil dhá osán air leis na cosa a chlúdach, treabhsar, triús
teas; rais ar chraiceann; clúmh beag ar bharr éadaigh, cairpéid etc.; cúr toinne
ball éadaigh gan muinchillí crochta ar na guaillí; bóna cóta nó casóige
píosa éadaigh, giobal, bratóg
cearnóg bheag éadaigh le cuimilt den tsrón nó de na súile; brat cinn nó brád
ball éadaigh scaoilte gan muinchillí, agus é níos faide ná cába
cnap nó diosca beag chun baill éadaigh a dhúnadh; cnap beag a chuireann rud éigin ag obair nuair a bhrúitear é (ar nós cnaipí i mbosca ceoil nó ar chlóscríobhán)
ball éadaigh a dhéanamh as snáth trí lúba a dheánamh agus a cheangal le chéile le bioráin
rud a chaitear thart ar an muineál; an chuid de bhall éadaigh a théann thart ar an muineál, bóna
rolla, beart (corna éadaigh, corna páipéir)
ball troscáin sa seomra bia a choinníonn gréithe boird, éadaí boird etc.
ball éadaigh seachtrach le muinchillí; éide sagairt; brat (cóta péinte, cóta tarra)
stiall leathair nó éadaigh etc. a chaitear thart faoin gcoim, beilt; ceann de chúig limistéar mhóra an domhain atá rianaithe de réir teochta
páirt, roinnt (déan trí chuid de); cion duine amháin (sin é do chuid de; mo chuid éadaigh; iníon dá chuid); ábhar (tá cuid súl inti, ní cuid iontais é); bia, beatha (do chuid a chaitheamh; ag tuilleamh a choda)
brat éadaigh crochta ar fhuinneog nó ar bhéal stáitse
éadaí ar nós cóta is treabhsar, nó seaicéad is sciorta, a chaitear le chéile; gléas, fearas (culaith capaill, culaith loinge, culaith céachta)
déanamh (ó cumadh an saol; ceol, amhrán, a chumadh); cur le chéile, ceapadh (bréag, leithscéal, a chumadh; culaith éadaigh a chumadh)
ábhar fite a ndéantar cultacha agus brait as; seolta báid (long faoi iomlán éadaigh)
éadach, éadaí; culaithirt ar leith (mar a chaitheann saighdiúirí nó banaltraí nó sagairt)
meaisín chun éadaí a fháscadh
nós na haimsire, go háirithe i gcúrsaí éadaigh, gruaige etc., a gcruth agus a ndéanamh; béas
ciumhais éadaigh fillte ar ais agus fuaite go néata
clóca nó gúna scaoilte; fillteog éadaigh do chorp bunóice
casadh, teacht ar ais (filleadh abhaile, filleadh ar d'áit féin); cur ar ais (bó a fhilleadh); dúbailt éadaigh, páipéir etc.; trusáil (muinchillí a fhilleadh suas); cur thart (ar)(páipéar a fhilleadh ar rud)
rud a bhíonn ar sileadh nó ar crochadh le rud eile, mar a bhíonn an píosa éadaigh ar bhéal póca
ball éadaigh cniotáilte tiubh d'uachtar an choirp
éadach fite; rolla éadaigh, rudaí fite nó casta; achrann (gréasán snátha); líonra (gréasán bóithre)
clúdach éadaigh thart ar an gceann (mar chuid de chóta go minic), cochall; aon rud atá cosúil i ndealramh le húda
iarann a chur ar éadaí, smúdáil
caitheamh (bia, éadaigh, etc.); scrios, mí-úsáid
ball éadaigh mar a bheadh blús is beilt air a théann síos go dtí na glúine; ainm ar bhaill éadaigh éagsúla
strapa le rud a iompar ar an droim leis; stráice éadaigh thart ar an ngualainn chun lámh ghortaithe a cheangal suas
gréasán ornáideach éadaigh déanta le snáth fíneálta
cineál d'fhéileacán a thagann amach san oíche (Itheann cruimh an leamhain éadaigh poill in éadach)
ball éadaigh faoi mhuinchillí a chaitheann fir faoina gcóta; ball cosúil le léine scaoilte a chaitheann sagart ag léamh Aifrinn