Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
amach dob ón áit istigh go dtí an áit amuigh (amach as an teach); in áit atá giota uait (os mo chomhair amach); go háit atá níos faide uait (amach an sliabh; chuaigh siad siar amach; amach chun na hAstráile); le himeacht ama (uaidh seo amach); níos moille (amach sa bhliain); siar (fan amach ón tine); ar amharc (an taobh tuathail amach); os comhair an tsaoil (má théann an scéal sin amach ort); os ard (abair amach é); ar fad (is deas amach é); go deireadh (throid siad amach é) amach ó ach amháin (amach ó bheannú dúinn ní raibh mórán le rá aige) amach is amach ar fad ar fad (dán breá amach is amach) amach is isteach le tuairim (ar) amachaigí bígí amuigh, amach libh
TORTHAÍ GAOLMHARA SAN FHOCLÓIR BEAG
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
bosca ceoil le cnaipí, agus le boilg a bhrúitear isteach is amach
an-fhada síos nó isteach (domhain i bhfarraige, sa sliabh); isteach go maith (dul go domhain i scéal); go bunrúta (staidéar, eolas, domhain); siar nó mall (domhain san oíche); deacair a léamh nó a dhéanamh amach (is domhain an duine é)
oscailt i gclaí nó i bhfál le dul isteach nó amach tríd cosúil le doras; bac slí is féidir a dhúnadh agus a oscailt
ón áit amuigh go dtí an áit istigh; in éineacht le (chuir sé punt isteach leis); muinteartha (bheith isteach le duine; bíonn siad isteach is amach le chéile)
cineál de bhosca agus lámh air a shleamhnaíonn isteach is amach i mball troscáin
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht