SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
ó áit nó ionad (bain as do phóca é, léigh mé as leabhar é, lig as an rang é, d'íoc sí as a tuarastal é, as measc na ndaoine, as gach aird); ó ábhar nó meán nó staid nó foinse (déanta as adhmad, nite as uisce, rinne sí as a stuaim féin é; baisteadh as a athair é); ó raon (as amharc, as éisteacht); i ndíth (as obair, as seilbh, tá sé as a mheabhair); de bharr (labhairt as fearg); dealú (a haon as a dó)
fíoch feirge; craos, cíocras (confadh ocrais, confadh chun feola); drochghalar inchinne a thagann ar mhadraí agus ar ainmhithe eile agus a thig leis an duine a thógáil uathu má bhaineann siad greim as
a bhaineann le gach uile aird den domhan; a bhfuil daoine ann ó gach uile aird den domhan
duine baineann clainne; cailín, bean óg (a iníon ó!)(le ceannlitir mhór) foirm aithisc nó teideal cúirtéise roimh ainm mná nach bhfuil pósta (Is í seo Iníon Uí Bhriain)
gan a bheith claonta ar thaobh amháin ná ar thaobh eile; gan a bheith páirteach le ceachtar taobh; gan a bheith ceachtar acu fireann ná baineann (ó thaobh inscne)