SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
gardáil, sábháil ó ionsaí, ó bhaol etc. (ag cosaint na tíre; báire a chosaint); dul in airgead (chosain sé fiche punt orm)
maide láidir a chuirtear mar chosaint le balla nó cruach nó rud ar bith mar sin atá i mbaol titim
saoradh ó bhaol etc.; caomhnú, cosaint ó dhochar; barra nó torthaí a bhaint agus a chur ó bhaol; cur thart le húsáid ar ball (airgead a shábháil)
neamhspleách; gan cheangal, gan bhac (am saor; scaoileadh saor é); neamhchiontach (saor ar choir, ó locht); gan oibleagáid (saor ó chíos, ó phionós); sábháilte (saor ó bhaol); in aisce (saor ar an bpost); gan a bheith daor nó costasach