SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
buillí a thabhairt do dhuine nó do rud; an gráinne a bhaint de thuí le hinneall buailte; uibheacha no uachtar a ghreadadh go dtagann cúr orthu; preabadh go rialta (croí ag bualadh); múnlú (airgead a bhualadh); seinm (port a bhualadh); leagan (buaileadh breoite é); sroicheadh ar do chúrsa (gur bhuail siad cuan; buail isteach chugainn); troid (bhí bualadh mór ann); bua a fháil (bhuaileamar sa chluiche iad)
toirtiúil (teach mór); iomadúil (suim mhór airgid, scata mór daoine); fada (aois mhór); ard (clú mór); fial (croí mór); fairsing (difríocht mhór); dian (pian mhór); láidir (fonn mór cainte; gaoth mhór); tábhachtach (ócáid mhór); príomh- (an doras mór); bródúil (tá sé mór as féin); luite le, tugtha do (dream mór peile)