SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
ceann de litreacha móra na haibítre (A, B, C i gcomórtas leis na cinn bheaga a, b, c)
(leis an gcopail) b'fhéidir, seans go; dealraitheach, dóchúil (chomh dócha lena mhalairt)
(leis an gcopail) indéanta (ní féidir liom é); ceadaithe (ní féidir dó fanacht anseo); seans, tharlódh sé (b'fhéidir é)
sláintiúil; slán, saor ó ghalar nó ó locht; go maith don tsláinte (bia folláin); maith an bhail (b'fholláin duit nach bhfaca sé thú)
íseal i dteocht, gan a bheith te; leamh, gan dúthracht (b'fhuar an fháilte í); neamhthairbheach (tá fuar agat a bheith ag caint); marbh (nuair a bheidh mé fuar); gan a bheith bruite (feoil, ubh, fhuar)
gabháil déanta air; i ngreim nó in achrann (gafa sa dris); faoi choinneáil (gafa i bpríosún); sáite i (gafa in obair); in áirithe nó faoi sheilbh (tá an líne, an suíochán gafa); gléasta, cóirithe (gafa go foirmiúil); inroinnte ar (tá B gafa in A)
a úsáidtear le briathra i gcaint indíreach (gur ina ionad san aimsir chaite)(deir sé go bhfuil ocras air, fan go bhfeicfidh mé, b'fhada liom go mbeadh sé déanta agam)
foirm de sin a úsáidtear i ndiaidh na copaile (b'in é é; nárbh in í a dúirt é)
(leis an gcopail) siúd (b'iúd leo abhaile)
áilleacht, breáthacht; iompar (b'olc an mhaise dó gan beannú dúinn)
éirí séimh nó a dhéanamh séimh; h a scríobh i ndiaidh consain sa Ghaeilge agus iad araon a fhuaimniú le chéile mar aon chonsan amháin (Is iad na consain atá i gceist, b, c, d, f, g, m, p, s, t)
bac, stop a chur le (bruíon a stopadh; stop sé ag an doras mé); stad (carr a stopadh); blocáil, coinneáil siar (fuil, abhainn, a stopadh; stop sé punt as mo phá); scor d'obair, de ghluaiseacht etc. (stop an clog; ní stopann sé ach ag caint); cur fút (cá bhfuil tú ag stopadh?); tachtadh (tá mo phíopa stoptha)
ball troscáin le suí air; seisiún, suí (b'fhada an suíochán é); suíomh, staidéar (bainne a chur i gcíléar ar suíochán)