SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
i vásta, millte, ó mhaith (rud a chur amú ar dhuine); ar seachrán ón mbóthar ceart (dul amú)
meascán tarrúil chun barr mín crua a chur ar bhóithre agus ar chosáin
bóthar siúlóide cois cuain
bóthar nó slí; cúrsa le leanúint (bealach aeir, ar bhealach do leasa); áit le dul tríd (bealach isteach); treo (tar an bealach seo); fad slí (i rith an bhealaigh); dóigh, modh (tá a bhealach féin leis)
fo-charbad traenach a chasann ar maighdeog; tralaí bóthair iarainn
duine a bhíonn ag siúl an bhóthair, fear siúil, fánaí
cur ina cheart, leasú (locht a cheartú); cur ar an mbóthar ceart, cur múineadh ar (páistí a cheartú); deasú, díriú
cloch ar thaobh bóthair a thugann an t-achar ina mhílte go dtí áit
beart earraí le seachadadh de bhóthar, d'aer, d'fharraige etc.
imeall, ciumhais nó taobh (colbha leapa, colbha bóthair, colbha cuain)
casadh (cor i mbóthar, i rópa, cor a bhaint as giorria); corraí (gan chor); babhta (cor iomrascála); caitheamh amach (cor lín); cás (cora crua an tsaoil, cad is cor dó?); camhrú (tá cor sa bhainne, san fheoil); (le ceol, rince) ríl (cor ochtair, cor na sióg); ord (as cor)
casadh (chor sé a cheann; coradh ar clé); cor (coradh i mbóthar, coradh in abhainn)
an áit a gcrosann dhá bhóthar a chéile, crosbhóthar
coirnéal, clúid; coradh (cúinne bóthair)
bóthar nó rud mar é thar abhainn nó thar bhóthar eile; stáitse an chaptaein ar long; an chuid chnámhach den tsrón
an taobh thiar den chorp; cúl ruda (droim láimhe, coise; droim cathaoireach); barr nó mullach (droim na cruinne, droim bóthair, droim sléibhe); tonn
droim beag i lár bóthair nó deic loinge
seasamh suas (ó bheith sínte nó suite); teacht as an leaba; teacht aníos (éirí gréine); ardú (gaoth ag éirí); ard (éirí i mbóthar)
titim i dtalamh nó i mbóthar, ísleán; dronn (ar dhuine, ainmhí)
le linn, i rith (ar feadh an lae); ar fhad, ar fud (ar feadh an bhóthair, ar feadh na tíre); chomh fada le (ar feadh m'eolais nó mo chuimhne)
scéala bolscaireachta a dhéantar nó a thaispeántar go poiblí (fógra cruinnithe); rabhadh (fógraí bóthair); comhartha, clár nó póstaer nó a leithéid a mbeadh eolas scríofa air (fógra siopa; clár fógraí)
píopa ar theach nó clais ar thaobh bóthair a thógann an t-uisce chun siúil
éadach fite; rolla éadaigh, rudaí fite nó casta; achrann (gréasán snátha); líonra (gréasán bóithre)
duine i bhfeighil innill nó a dhéanann innill; duine a phleanálann agus a thógann dambaí, bóithre, iarnróid agus droichid
taobh nó cliathán amháin, leathimeall (ar leataobh an bhóthair); leathchliathán, claonadh (tá leataobh air ag siúl); áit pháirceála ar thaobh príomhbhóthair
achar maith idir a dhá thaobh (bóthar leathan); fairsing (eolas leathan); tiubh, ramhar (caint leathan)
fáinne nó rud ar dhéanamh fáinne; (lúb i slabhra, cleas na lúibe; lúb ghruaige); cor, casadh (lúb abhann, lúb i mbóthar); cúinne, cúil, ciorcal (i lúb an ghleanna, na coille); líon, mogall lín (iasc i lúb, i lúba an diabhail); cor cniotála (lúb ar deiseal); crúca pota, corcáin; cor, cleas (is iomaí cor is lúb ann); haspa
truncáil de chlocha mionaithe ar bhóthar
bóthar dúbailte do mhearthrácht agus gan aon chrosbhóithre ar a leibhéal féin air
lán de bhóithre; tugtha don bhóithreoireacht
slis mhiotail nó rollairí faoi bhonn bróige chun sleamhnú gan dua ar leac oighir nó ar bhóthar
bóthar a sheachnaíonn áit ghnóthach
sin, ag tagairt do rud atá tamall ó láimh (an gcluin tú siúd?; seo is siúd; é siúd a dúirt é); seo (siúd leo síos an bóthar)
bealach, bóthar (ag siúl na slí; ar mo shlí abhaile) treo (tar an tslí seo); turas (is fada an tslí é); spás (níl slí san áit dóibh); modh, dóigh (slí bheatha; ar shlí, ar aon slí); eagar ceart (slí a chur ar shábh)
seó bóthair a mbíonn gleacaithe, fir ghrinn, aisteoirí, ainmhithe etc., páirteach ann (istigh i bpuball mór cruinn a bhíonn sé go minic); spórt, greann (bhí lá sorcais againn)
bóthar (níos leithne ná lána) agus tithe ar thaobh amháin nó ar an dá thaobh de; lantán taobh amuigh de theach
eolas bailithe agus leagtha amach in ord agus in eagar i bhfoirm figiúirí (mar shampla, staitisticí daonáirimh, táirgíochta, trádála, tionóiscí bóthair)
seal, spás aimsire (tamall den lá; tamall comhrá); iasacht ghearr (tabhair tamall den leabhar dom); fad (tamall ó bhaile; tamall den bhóthar)
cliathán amháin de rud (taobh bosca, carraige; ó thaobh go taobh an tí); ciumhais, bruach (le taobh na habhann, ar thaobh an bhóthair); páirt, cuid (an taobh istigh, amuigh); cliathán, slios (mo thaobh deas, sínte ar mo thaobh); treo (an taobh theas, taobh na láimhe deise); ceantar (taobh tíre); foireann, dream, cúis (an taobh a chaill an báire); sliocht (lean sé taobh a athar); muinín, iontaoibh (ná tabhair taobh le mionnaí móra)
paiste (ar thaobh bróige, ar shúil, ar bhóthar etc.)
droichead fada a iompraíonn bóthar nó iarnród thar ghleann
dromchla bóthair déanta de chlocha beaga briste agus tarra
i dtreo an tuaiscirt (ag dul ó thuaidh, an bóthar ó thuaidh)
bealach nó bóthar ardaithe
croí bóthair a phacáil le clocha; plódú, pacáil (truncáilte le daoine, le troscán)