SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
tamall de rud ar bith (babhta oibre); seal áirithe coimhlinte (an dara babhta den troid); uair (an babhta seo); buille tubaisteach, bris (is mór an babhta air é)
nach bhfuil mór (teach beag); nach bhfuil fásta suas (páistí beaga); nach bhfuil chomh mór (an ceann beag); nach bhfuil fada (tamall beag); nach bhfuil ard (torann beag); nach bhfuil iomlán nó nach maireann i bhfad (faoiseamh beag); nach bhfuil mórthairbheach (pinginí beaga a shaothrú); nach bhfuil i bhfad uainn (ar ball beag); nach bhfuil iomadúil (scata beag); atá sóisearach (Brian beag); ar díol ceana é (a mháthair bheag); ar díol trua nó tarcaisne é (duine beag dearóil)
tamall, seal, babhta (dreas oibre, cainte, ceoil; dreas rása, dornála)
am crúite bó; go déanach ar maidin, nóin; seal tamaill, eadarlúid (rinne siad eadra cainte)
achar nó tamall fada (i bhfad ó bhaile, ó chéile); faide (an lá ag dul i bhfad, i bhfad na haimsire)
tá tamall maith ann (is fada go raibh mé ann)
fós; go ceann tamaill eile (fan anseo go fóill)
tamall úsáide a fhaigheann duine ar rud (go háirithe airgead ar ús); an rud féin (an iasacht a thabhairt ar ais); coigríoch (tír iasachta); strainséartha (duine, teanga, iasachta)
tríocha nóiméad; tamall beag
(gluaisteáin etc.) a chur i loc, a locadh, nó a fhágáil ina stad in áit ar feadh tamaill
stráice a chuirtear ar pholl chun é a chlúdach nó a dheisiú; seal, tamall (paiste den lá); áit, ball
seal ama, tréimhse, tamall
leath-, meath-, cuibheasach, measartha (scothaosta, scothshásta, scoth-thamall)
uain, deis chun rud a dhéanamh (gach duine ar a sheal); tamall, tréimhse (seal oibre; seal míosa; ár seal ar an saol seo)
bheith ar do chosa nó éirí ar do chosa agus gan a bheith suite ná sínte; stad, stopadh (seas tamall is labhair liom; sheas mo chroí); maireachtáil (má sheasann an aimsir; fad a sheas an t-airgead); cur in aghaidh, cur in éadan, cur suas le (an fód a sheasamh; an fuacht a sheasamh); cosaint (do cheart a sheasamh); íoc as deoch do dhuine; buanfas (tá seasamh san éadach sin); brath (mo sheasamh ort!); stádas (tá seasamh maith aige i measc a dhaoine); tacú le (seasamh le chéile; an fear a sheas liom)
ag tagairt do rud atá luaite cheana; ar leith nó tamall as bealach (ná habair sin; sin mar a bhíonn; ina dhiaidh sin; é sin, an duine sin); ag tagairt d'am áirithe atá thart (roimhe sin, as sin amach); i gcomparáid (níl sé chomh daor sin)
sin, ag tagairt do rud atá tamall ó láimh (an gcluin tú siúd?; seo is siúd; é siúd a dúirt é); seo (siúd leo síos an bóthar)
baint nó tarraingt le fórsa (shrac siad an t-éadach de; shrac an bád an t-ancaire); fadhbáil (táimid ag sracadh linn); babhta, tamall (sracadh breá codlata); neart, fuinneamh (fear a bhfuil sracadh ann)
seal, tamall (fada) (stáir oibre; stáir den oíche); ruaill, geábh (d'aon stáir amháin); taom, racht (ar na stártha buile)
féachaint go dána ar dhuine nó ar rud ar feadh tamaill gan an tsúil a thógáil de
iomlán rudaí le chéile, méid (suim airgid; ag dul chun suime); cuntas, luach (rud gan suim; díoladh faoi shuim iad); áireamh (suimeanna a dhéanamh); tamall, uimhir (le suim de bhlianta); éirim, achoimre (suim an scéil); spéis (má tá suim agat inti; más suim leat do bheo)
líonadh agus trá na farraige dhá uair sa lá trí tharraingt na gréine agus na gealaí; tuile agus aife na farraige; sruth ag rith tríd an bhfarraige le linn tuile nó aife; tamall maith
teorainn ama (tá téarma liom); tamall aimsire, tréimhse (téarma príosúin; tá mo théarma caite); focal speisialta nó suaithinseach (téarmaí dlí, eolaíochta; nach aige atá na tearmaí)
aga; tamall; spás; babhta; aimsir (bhí an uain go haoibhinn)