ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
She had an affair with an Englishman, bhí sí mór le Sasanach tamall.
A little while ago, (tá) tamall beag ó shin; anois beag, ar baillín.
House standing back from the road, teach atá isteach tamall ón mbóthar.
Wait a bit! fan tamall beag!
He had a blow at the whistle, sheinn sé tamall ar an bhfeadóg.
I'll continue here for a while, fanfaidh mé anseo go ceann tamaill.
To go part of the distance on foot, dul tamall den tslí de chois.
He drank (of) the cup of joy, bhí saol sona (tamall) aige.
A post he has filled for some time, post atá aige le tamall anuas.
The best plan will be for you to go away for a time, ní fearr rud a dhéanfá ná an áit a fhágáil go ceann tamaill.
He has been in foreign parts, tá tamall caite aige ar an gcoigríoch, thar lear, i gcéin (ón mbaile).
To have, go for, a gallop, tamall cosa in airde a dhéanamh.
A good long time, a good while, tamall maith fada.
To hold a conversation with s.o., tamall comhrá a dhéanamh le duine.
He hummed and hawed for a while, mhair sé tamall ag cogaint.
In a little while, i gceann tamaill bhig.
Lend me the ball, tabhair tamall den liathróid dom.
For some length of time, (le) gearrthamall, (le) tamall áirithe.
Lie down for a little, luigh tharat tamall.
To linger over a meal, bheith tamall fada i mbun béile.
May I have the loan of your horse? an dtabharfá iasacht do chapaill, tamall de do chapall, dom?
To wait for a long time, fanacht tamall fada; tamall fada a thabhairt ag feitheamh.
Not long before, after, tamall beag roimhe sin, ina dhiaidh sin.
Things are looking up with him, tá an saol níos fearr aige le tamall.
Later on, tamall ina dhiaidh sin.
For some time past, le tamall anuas; anois le tamall.
A plaguy long time, tamall diabhalta fada.
It will last for a season, mairfidh sé seal tamaill, achar áirithe.
For a short time, ar feadh tamaill bhig; (in the future) go ceann tamall bhig.
In a short time, i gceann tamaill bhig.
Cold snap, tamall m fuachta.
After some time, tamall, seal, ina dhiaidh sin.
It will take you some time, bainfidh sé tamall maith asat.
He spoke at some length, labhair sé tamall maith fada.
The four something train, traein a thagann (imíonn) tamall i ndiaidh a ceathair.
For a space, ar feadh tamaill.
I have a minute to spare, tá tamall beag díomhaoin agam.
To have speech with s.o., tamall comhrá a dhéanamh le duine.
To rest for a spell, tamall scíthe a dhéanamh.
I had a sticky ten minutes, chaith mé tamall beag go hainnis.
To come to a stop, stad, stopadh, tamall; moill a dhéanamh.
After thinking a moment I . . ., nuair a smaoinigh mé orm féin tamall beag.
In a short time, i gceann tamaill bhig, scaithimh.
For some time past, le tamall anuas.
For some time to come, go ceann tamaill eile.
To stay in Dublin for a time, fanacht tamall i mBaile Átha Cliath.
A short time after, tamall gearr ina dhiaidh sin.
After a short time, (i) faoi cheann tamaill bhig; (ii) go gearr ina dhiaidh sin.
After a long time, (i) i gceann tamaill fhada ina dhiaidh sin; (ii) i bhfad ina dhiaidh sin.
It will take some time for me to do it, bainfidh sé tamall asam a dhéanamh.