TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
affair, s. Cúis f, gnó m, scéal m. That is my affair, sin mo ghnósa. She had an affair with an Englishman, bhí sí mór le Sasanach tamall. Affair of honour, comhrac m aonair. The affairs of this world, gnóthaí an tsaoil seo. The house is a poor affair, ní mórán is fiú an teach. It's a sad state of affairs, is bocht an scéal é.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To give an account of the position of affairs, léiriú a dhéanamh ar na gnóthaí.
The actual position of affairs, an chaoi atá ar na gnóthaí faoi láthair.
To arrange his affairs, a ghnóthaí a shocrú.
I came off badly in that affair, ní raibh mórán dá bharr sin agam.
To see an affair in its true colours, an scéal a fheiceáil mar atá sé.
The affair has assumed a serious complexion, tá droch-chosúlacht tagtha ar na cúrsaí.
The conduct of affairs, cúram na gcúrsaí.
He knows the inner history of the affair, tá bun agus barr an scéil aige.
Household affairs, cúrsaí tí agus urláir.
Human affairs, cúrsaí an duine.
The affair was hushed up, buaileadh cos ar an scéal.
He knows the inside of the affair, tá bun an scéil aige.
He intruded himself into the affair, bhrúigh sé é féin isteach sa scéal.
I don't want to intrude in your affairs, ní ag iarraidh baint do do ghnóthaí atá mé.
To play a leading part in an affair, páirt mhór a ghlacach i gcúrsa.
To manage s.o.'s affairs, gnóthaí duine a riaradh.
He is well out of the affair, is maith a scar sé leis.
Affair that presents some difficulty, gnó a bhfuil deacracht áirithe ag baint leis.
Iron: This is a pretty state of affairs! nach deas an chaoi é seo!
He played a prominent part in that affair, bhí lámh ar leith aige sa ghnó sin.
The affair rests a mystery, tá an scéal ina dhiamhair-rún i gcónaí.
To rush into an affair, léim a thabhairt ar rud.
He has settled his affairs, tá a chúraimí curtha i dtreo aige (roimh bhás, etc.).
Jur: To settle an affair out of court, teacht ar réiteach lasmuigh den chúirt.
The affair is shaping well, tá cosúlacht mhaith, dea-chuma, ar na gnóthaí.
It is a sad state of affairs, is bocht an cás é.
Affairs of State, gnóthaí Stáit.
Statement of affairs (in bankruptcy), ráiteas m gnóthaí.
To straighten out one's affairs, do ghnóthaí a réiteach; bail a chur ar do ghnóthaí.
The affair was taking a bad turn, bhí drochchor ag teacht sna gnóthaí.
The affair was turning to tragedy, bhí an scéal ag iompú chun tubaiste.
To conduct one's affairs in an unbusinesslike way, do ghnó a riaradh go leamh.
To under-estimate the importance of the affair, gan tábhacht an scéil a thuiscint, tábhacht an scéil a mheas faoi bhun an chirt.
To understand about an affair, bheith eolach, oilte, ar chúrsa.
Affair wrapped in mystery, gnó doiléir, diamhair.