SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
fad agus leithead áite; fad slí nó ama
bóthar nó slí; cúrsa le leanúint (bealach aeir, ar bhealach do leasa); áit le dul tríd (bealach isteach); treo (tar an bealach seo); fad slí (i rith an bhealaigh); dóigh, modh (tá a bhealach féin leis)
an fios a thugann an teanga agus uachtar an bhéil faoi rud a bheith milis nó searbh nó maith le hithe nó le hól; tuin gutha, an tslí a labhraíonn duine (blas cainte); faic, dada
teistiméireacht, cáil; meon, slí; tréith nó scil nó oilteacht a thabharfadh teideal poist do dhuine
slí, bealach (cén chaoi a ndéanfaidh mé é?); deis, seans (dá bhfaighinn caoi air); bail, riocht (cén chaoi a bhfuil tú? cuir caoi air sin dom)
an cineál oibre nó saothair a dtuilleann duine a bheatha leis; obair a bhfuil scil ar leith ag baint léi; slí bheatha
samhail ar scannán ina bhfuil an trom agus an t-éadrom bunoscionn leis an tslí ina bhfuil siad sa nádúr
cosúil nó ionann ar gach uile shlí, comhchosúil
bealach cúng siúil do choisithe, rian; slí, bealach (as mo chosán leat)
cruth, déanamh; dealramh, féachaint (cuma na hoibre; níl cuma ná caoi air); slí, dóigh (ar chuma éigin, ar aon chuma)
smacht; traenáil i slí bheatha ordúil
duine a chleachtann an dlí mar shlí bheatha, aturnae nó abhcóide
slí nó bealach le rud a dhéanamh; bail (tá dóigh mhaith air)
líníocht, péintéireacht agus dealbhóireacht; eolaíocht, scil; brainse léinn ollscoile (mar a dhéanann Baitsiléir Ealaíon); ceardaíocht; slí bheatha
fios, aithne, tuiscint; faisnéis (oifig eolais); treoir (eolas na slí; réalta eolais)
achar ama nó spáis nó slí; síneadh (fad a bhaint as scéal); raon (fad m'urchair; fad mo radhairc uaim)
úsáid, seirbhís; oifig; post, slí bheatha
cosán, slí, raon; cúrsa, timpeall; diathair
duine a ghlacann geallta ar rásaí capall nó ar chomórtais eile mar shlí bheatha
oscailt i gclaí nó i bhfál le dul isteach nó amach tríd cosúil le doras; bac slí is féidir a dhúnadh agus a oscailt
tabhairt suas, stríocadh (géilleadh don namhaid); bheith umhal (géilleadh do Dhia); tabhairt isteach (géilleadh do phiseoga); admháil (géilleadh d'argóint); tosach a thabhairt do (slí a ghéilleadh do dhuine); freagairt (ghéill an bád don stiúir)
duine a bhíonn ag iascach mar shlí bheatha
spás a dhealaíonn dhá rud óna chéile (idir a trí is a ceathair); istigh i measc (idir na tithe, istigh eatarthu); le chéile, i dteannta a chéile (cheannaigh siad eatarthu é; eadrainn féin an chaint seo); leath slí (idir shúgradh is dáiríre); araon, le chéile (idir chorp is anam)
mórán, a lán (an iomad daoine, ar an iomad slí); iomarca, farasbarr (tá an iomad le rá aige)
talamh, urlár (titim ar lár); leath slí idir an dá thaobh nó an dá cheann (lár líne; lár na páirce, lár an chiorcail); croí (trí lár mo chléibh, i mo lár); coim, básta (crios thart faoina lár)
(leith in abairtí áirithe) cuid den iomlán atá cothrom leis an gcuid eile (déan dhá leath de, leath slí); cuid, roinn (déan trí leath de); taobh, cliathán; treo (an leath tosaigh)
leath de mhíle slí; cúig chéad
cur de ghlanmheabhair; cuimhneamh ar; cur i gcuimhne; smaoineamh go domhain; brath, mothú (ag meabhrú a shlí roimhe)
i lár baill; leath slí idir mór agus beag
ciorcal samhailteach timpeall an domhain leath slí idir an Mol Thuaidh agus an Mol Theas
mothú mairgiúil nó buartha a thagann ar dhuine toisc gur theip air nó go ndearna sé rud éigin as an tslí nó go mbraitheann sé ciontach ar chuma éigin; scáth, cúthaileacht
gan spleáchas le daoine eile; in ann gníomhú agus smaoineamh dó féin; gan a bheith ag brath ar dhaoine eile ina shlí bheatha
gnás; béas; bealach, slí (nósanna na tíre, na háite)
sórt róba gan mhuinchillí a chaitheann baill d'oird chrábhaidh mar chuid dá n-aibíd; dhá chearnóg bheaga d'éadach olla a chaitear ar sreang thart ar an muineál sa tslí go mbíonn ceann acu ar ucht duine is an ceann eile idir na slinneáin, in ómós don Mhaighdean Mhuire, etc.
focal deas ar rud atá míthaitneamhach (mar shampla tá sé ar shlí na fírinne in ionad tá sé marbh)
achar (fág spás eatarthu); fad (spás orlaigh); slí, fairsinge (spás do na cathaoireacha); an réigiún spéire atá i bhfad amach agus gan aon aer ann; seal ama (tabhair spás beag eile dom); coiscéim
bail, slí (ar staid na ngrást; staid na tíre)
crios ar gach taobh, thuaidh agus theas, de mheánchiorcal an domhain agus leath slí idir an Mol Thuaidh agus an Mol Theas
fios bealaigh nó slí, díriú (faoi threoir an mhúinteora; ag imeacht gan treoir); gléas tomhais (treoir luais); gluaiseacht (níl treoir ná tapa ann)