ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
On every account, ar gach slí, bealach.
He tried every available means, d'fhéach sé gach slí dá raibh aige.
He took up politics as a career, chuaigh sé leis an bpolaitíocht mar shlí bheatha.
There is not room in it to swing a cat, níl slí dhá chat chun rince ann.
Crowded profession, gairm gan slí do thuilleadh inti.
To go part of the distance on foot, dul tamall den tslí de chois.
You can do it either way, tig leat a dhéanamh ar aon cheann den dá shlí.
Elbowing him aside, ag tabhairt na huillinne dó á chur as an tslí.
To make one's entrance, dul isteach, slí isteach a dhéanamh.
At all events, ar aon tslí, ar chaoi ar bith.
Exit only, slí amach amháin.
To a certain extent, ar shlí.
To fall on a means of doing sth., teacht ar shlí chun rud a dhéanamh.
He is feeling his way, (i) tá sé ag brath na slí roimhe (ii) tá sé ag smúrthacht leis.
It was a tight fit, ní raibh slí ach ar éigean ann.
To fit in between two things, slí a fháil idir dhá rud.
Easy-fitting, luchtúil, a bhfuil fuílleach slí ann.
The road is lined with trees for two miles, tá crainn ar gach taobh den bhóthar ar feadh dhá mhíle slí.
These ways are foreign to us, is fada ónar ndúchas na slite seo.
Different forms of worship, slite éagsúla adhartha.
Of the two methods I prefer the former, den dá shlí is fearr liom an chéad cheann.
To gain one's living, slí bheatha a bhaint amach; beatha a thuilleamh.
To go to glory, (i) dul ar shlí na fírinne; (ii) F: titim as a chéile; imeacht le gaoth.
To go the way of all flesh, imeacht ar slí na fírinne, ar an mórshlua.
You still have a good way to go, tá gearrthamall den tslí romhat fós.
He groped his way in, out, mheabhraigh sé, bhraith sé, a shlí roimhe isteach, amach.
There is room there for him and her, tá slí ann dósan agus dise.
He hewed out a career for himself, bhain sé slí bheatha amach dó féin.
There is room there for him and you, tá slí ann dósan agus duitse.
If we were one less there would have been room, dá mbeimis fear níos lú (ann) bheadh slí againn.
The obstacles that lie in our way, na constaicí atá sa tslí orainn.
A career for which I have no liking, slí bheatha nach mian liom.
To make a livelihood, slí bheatha a bhaint amach.
We made the whole distance in ten days, chuireamar an tslí uile dínn deich lá.
There is room for you and me there, tá slí ann i do chomhairse agus i mo chomhairse.
To miss one's way, dul ar seachrán sa tslí; dul amú.
He mistook his way, bhain seachrán slí dó.
F: Oblique ways, slite neamhdhíreacha, cama.
To obstruct the traffic, bheith sa tslí ar an trácht.
What is he by occupation? cad é an tslí bheatha atá aige?
He has left himself open to censure, chuir sé é féin ar shlí a cháinte.
The path of glory, slí f na glóire.
An old book that I picked up, seanleabhar a casadh i mo shlí.
There is still room, tá slí go leor fós ann.
Set of a saw, slí f sáibh.
To set (the teeth of) a saw, slí a chur ar shábh.
To take up a lot of space, mórán áite, slí, a ghabháil, a líonadh.
To leave space for a table, áit boird, slí do bhord, a fhágáil.
Space between two things, bearna, slí, idir dhá rud.
It was a tight squeeze, ní raibh ann ach go raibh slí ann.