SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
fíor cheathairchúinneach dhronuilleach agus a ceithre shlios ar aon fhad; spás leathan oscailte i gcathair nó i mbaile
dréacht ceoil do cheithre ghuth nó ghléas; an fhoireann a cheolann é sin
cnag a bhualadh; leagan, síneadh (cnagadh le fiabhras é); sárú (tá na ceithre scór cnagtha aige); briseadh (cnámh a chnagadh); cogaint (úll a chnagadh)
dhá sheachtain, ceithre lá dhéag
ceann de cheithre ranna móra na hÉireann
an deichiú cuid de mhéadar (beagnach ceithre horlaí)
fíor faoi cheithre thaobh dhronlíneacha agus an dá thaobh ar aghaidh a chéile cothrom
an uimhir 20 (fiche duine, ceithre huaire fichead, trí fichid, sna fichidí)
ceann de na ceithre fhiacail ghéara idir na clárfhiacla agus na cúlfhiacla i mbéal an duine; aon rud géar
forc nó píce ceithre bheann
gluaisteán beag cumhachtach agus tiomáint ceithre roth uirthi
péist lannach a bhfuil eireaball fada agus ceithre chos uirthi
ceithre phionta; soitheach a thógfadh an méid sin
ceithre seachtaine; ceann de dhá roinn déag na bliana, Eanáir, Feabhra etc.
fear atá ina cheann ar a shliocht féin go ceann trí nó ceithre ghlúin
ceann de cheithre ráithe na bliana (earrach, samhradh, fómhar, geimhreadh); tréimhse áirithe ama chun rud áirithe a dhéanamh (séasúr na móna, an fhiaigh); tréimhse flúirse, dhea-aimsire, fáis etc.; saibhreas i mbia; anlann
teacht slán nó a dhéanamh slán; críochnú (tá na ceithre fichid slánaithe aige)
dán ceithre líne dhéag agus na rímeanna ann socair de réir rialacha áirithe
píce nó forc ceithre bheann
cúrsa, turas, aistear (timpeall an tobair a thabhairt; tá míle de thimpeall ansin); máguaird (na daoine inár dtimpeall); comharsanacht (tá timpeall an tí le réiteach); giorta (tá ceithre troithe de thimpeall aige)
ceithre pingine (sa seanairgead)
gléas ceoil cosúil le giotár beag, agus ceithre shreang de ghnáth air
feithicil oscailte ceithre roth chun ualaí a iompar
gléas ceoil ceithre shreang a fháisctear isteach faoin smig agus a sheinntear le bogha