SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
folach; clúid a chuirtear thart ar rud nó anuas air (clúdach leapa, clúdach litreach); clúid a chur ar rud (clúdaigh do cheann; clúdaithe le caonach)
clúdaithe le craiceann; a bhfuil craiceann mín air; snasta, dea-chríochnaithe (obair chraicneach)
bád éadrom agus a fráma clúdaithe le canbhás
ainmhí beag ceathairchosach clúdaithe le gainne agus eireaball fada air (earc luachra, sléibhe); reiptíl
eitilt ghearr, ruaig; fráma éadrom clúdaithe le páipéar nó éadach lena chur ar foluain san aer ar cheann corda
thíos, laistíos de, ar leibhéal níos ísle (ná) (istigh faoin mbord; faoi uisce, faoi thalamh); ag bun, i bhfothain (suí faoi charraig, ar ancaire faoin oileán); clúdaithe le (faoi bhrat sneachta; faoina chulaith Dhomhnaigh; crann faoi bhláth); le tréithe áirithe (faoi ainm bréige; faoi ghné aráin); gabháil trí (dul faoi scrúdú, faoi obráid); (le léiriú staide) (faoi mheas, faoi smacht, faoi shíocháin, faoi adhall); (le fás, borradh) (an luas a bhí faoi; tá fuadar fút); i dtaobh le (tá an teach fúinn féin; fág faoi é); oiriúnach (ach an lá a bheith faoi dúinn); ar intinn (níl fúinn é a dhéanamh); maidir le, mar gheall ar (ag caint faoi); níos lú ná (faoi scór, díoladh faoina luach é); (mar théarma méadaithe) (faoi dhó; a sé faoi a seacht); (mar chodán) (deich bpingine faoin bpunt); timpeall, thart ar (faoi do mhuineál; amuigh faoin tuath); ar an taobh seo de (faoi mhaidin, faoi cheann bliana); ag, um (faoi láthair, faoi dheireadh); in aghaidh (bualadh faoi dhuine); ar (ola a chur faoi); (mar dob ) (an ghrian ag dul faoi)
uisce ann nó é clúdaithe le huisce; é ag fearthainn (lá fliuch)
gan spás do níos mó ann (soitheach lán; lán go doras); líonta go maith (sparán lán d'airgead); clúdaithe (áit lán de dhaoine, de choiníní); líonta ar fad (le taoide) (tá sé lán); líonta le mórtas (tá sé lán de féin); gach pioc (tá sé lán chomh holc leis)
clúdaithe le fód glas nó le scraithíní; clúdaithe le rais nó gearba
fána clúdaithe le spallaí cloch
sliogán air; clúdaithe le sliogán nó le sliogáin; breac, ballach
vaigín mór clúdaithe nó feithicil chun earraí a iompar de bhóthar nó d'iarnród