TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
coiste fir4 giúiré (coiste cróinéara, coiste cúirte); meitheal a thoghtar chun déileáil le gnó áirithe (coiste stiúrtha) ► coiste cróinéara coiste a oibríonn le cróinéir chun bás tobann nó tubaisteach a fhiosrú
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
coiste comhairleoirí a riarann cathair nó baile mór
duine atá i gceannas cruinnithe nó atá ina phríomhfheidhmeannach ar bhord nó ar choiste
cumann nó coiste agus é mar chúram orthu rud éigin a fhiosrú; údarás a bhronntar ar oifigeach airm
ball de choiste nó de ghiúiré
coiste a thugann breithiúnas ar chás i gcúirt dlí
ball d'eaglais Phrotastúnach a rialaítear ag coiste ministrí seachas ag easpaig, etc.
bád nó feithicil a choinneáil ar a cúrsa le stiúir nó le roth; treorú, smachtú (capall a stiúradh); rith (gnó, scrúdú a stiúradh; coiste stiúrtha)
bualadh fút ar shuíochán nó ar an talamh; bheith i seisiún (suí ar choiste; tá an chúirt ina suí); socrú síos (suí ar thalamh duine); éirí (an bhfuil sé ina shuí fós?); fanacht suas (suí le duine tinn); ligean ar cíos (talamh a shuí le duine); suíomh, socrú, bunú (shuigh sé campa ann; shuigh sé cíos orthu); áitiú (shuigh sé go daingean orm é); áit, loc (faire, suí seilge; suí rí); cathaoir, oifig (suí easpaig, an Suí Naofa)