SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
ainm, clú, teist an phobail ar dhuine (tá cáil an léinn air); mianach, stuif, cáilíocht (ball maith é ina cháil féin); suim, méid áirithe, cuid (cáil amhrais)
cás síodúil a shníomhann cuid mhaith cruimheanna feithidí thart orthu féin go mbíonn siad aibí
daor; a chosnaíonn cuid mhaith airgid
ábalta cruthú; a bhfuil cuid mhaith tuairimí nua ag roinnt leis; samhlaíoch
suim nó cuid mhaith; teorainn (níl aon chuimse leis; dul thar cuimse leis)
bail an ruda atá dlúth, tibhe, fuinteacht (dlús in éadach); mórán, cuid mhaith (an bhfuil aon dlús airgid agat?); fuinneamh, breis gusa (cuir dlús leis an obair)
an méid a fhanann gan ól de dheoch nó gan ithe de bhia, fuíoll nó deasca; aon rud gan mhaith, an chuid is measa de rud
maitheas (le feabhas a chuid ceoil); biseach (ag dul i bhfeabhas; tá feabhas beag inniu air)
feadhain; ualach, cuid mhaith; árthach (feadhnach uisce)
cuid mhaith, a lán (foracan maith bia)
(leis an gcopail) cuid mhaith, mórán (is iomaí uair a bhí mé ann)
a oiread is a líonann (lán loine, seomra, sráide); líon (lán gráin i ngunna); líonadh, taoide lán (lán mara); mórchúis, mórtas (is mór an lán atá faoi); cuid mhaith (a lán daoine; shiúil sé a lán)
iomlán, go huile; cuid mhaith (lánaosta, lánchead, lánchosc, lánré, lánsásta)
cuid mhaith; do dhóthain, do sháith
an uimhir 1000, deich gcéad (go raibh míle maith agat); iomlán (déan do mhíle dícheall); tomhas faid 1760 slat nó 1609 méadar; cuid mhaith
cuid mhór, a lán (mórán daoine; le mórán dua; níl sé mórán níos fearr)
bainne a théamh go teocht 65° ceinteagrád ar feadh leathuair an chloig chun cuid mhaith frídíní díobhálacha a mharú ann (ainmnithe amhlaidh ón eolaí Francach, L. Pasteur)
píosa rua airgid cothrom leis an gcéadú cuid de phunt; suim airgid (rinne tú pingin mhaith air)
riar ina chodanna (rud a roinnt ar dhaoine; cártaí a roinnt); baint (tá trioblóid ag roinnt leis sin); cur isteach i (céad a roinnt ar dheich); méid áirithe, cuid (tá roinnt mhaith airgid aige); beagán (tá sé roinnt cosúil leat)
solaoid, cás a thugtar le cásanna eile a léiriú; duine nó rud a fhónann mar phatrún le leanúint nó le seachaint (ní maith an sampla dá chlann é); cuid bheag de rud a léiríonn cad é mar shórt é an t-iomlán (sampla de mo chuid oibre); comhartha iontais (samplaí is míorúiltí); ainniseoir bocht
ainm a thugtar ar chuid mhaith cineál crann mór (ar an mailp, ar an bplána agus ar chuid de na crainn figí)
ainm ginearálta ar iasc farraige craosach, cuid acu ollmhór agus fíochmhar go maith, agus fiacla faobhracha ar nós an tsáibh acu
ceol rince bríomhar de bhunús Mheiriceá a dtugtar cuid mhaith nuachta isteach ann mar aon le rithimí láidre
foirgneamh atá roinnte ina árasáin, go háirithe agus cuid mhaith muiríneacha ann
toghadh déanta air; den chuid is fearr, den scoth; den chuid is measa (amadán tofa)
an scoth, an chuid nó an ceann is fearr