SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
stoitheadh (fiacail a bhaint amach); tobhach (fiacha a bhaint amach); tarraingt (gáire a bhaint amach); tuilleamh, fáil (clú a bhaint amach); sroicheadh (an baile a bhaint amach)
béal; béal gan fiacla, drandal; pus ainmhí; oscailt (cab an dorais; cab leice); liopa
béal suncáilte gan fiacla; smig ghéar
substaint mhiotalach a fhaightear in aolchloch, cailc, marmar agus coiréal (Tá gá ag daoine agus ag ainmhithe le cailciam chun a gcnámha agus a bhfiacla a neartú)
nochtadh fiacla, draidgháire
béal, grainc, scaimh; cíor fiacla
uirlis fhiaclach le gruaig etc. a réiteach; barr (cíor coiligh, cíor cnoic); sraith, cnuasach (cíor fiacla, cíor mheala)
brú nó meilt leis na fiacla; snoí (ag cogaint an chroí aige); slogadh (caint a chogaint)
sábh caol le fiacla miona
péint chrua shnasta a chuirtear lasmuigh ar earraí crua tí, cócaireáin, cuisneoirí etc.; dromchla fiacla
ceann de na fiacla i gcúl an bhéil
fuaim mar a dhéanfadh píosaí miotail nó fiacla á gcuimilt dá chéile
gob duine; grainc, scaimh; cíor fiacla
an fheoil agus an chnámh ina seasann na fiacla; béal mantach
scamhadh fiacla chun duine mar olc air; scaimh; druidim, teagmháil, baint (ná drann leis; níl sé ag drannadh leis an ól)
braon nó ábhar a chruinneodh i mball den chorp (faoi fhiacail, cuir i gcás)
fuaim chaol cheoil a shéidtear amach trí bheola nó trí fhiacla leathdhúnta; puth, anáil (bheith i ndeireadh na feide)
duine a fhéachann i ndiaidh fiacla daoine
ceann de na ceithre fhiacail ghéara idir na clárfhiacla agus na cúlfhiacla i mbéal an duine; aon rud géar
fuaim a dhéantar gan úsáid a bhaint as an teanga ná na fiacla ná na beola (is é sin, gan chonsan) ar nós a, e, i, o, u, gearr nó fada, á n-úsáid leo féin nó le chéile chun fuaim a léiriú
log i gcorp (logall fiacaile, súile)
bearna (i bhfiacla, i mbéal faobhair etc.); bearna a fhágann greim ina dhiaidh, nó an greim féin
a bhaineann liom, ar liomsa é (mo pheann, m'ainm, m'fhiacail)
gan fiacail a chur ann, tur, giorraisc
uirlis ghairdín nó feirme a bhfuil lámh fhada uirthi agus fiacla trasna amuigh ann chun duilleoga nó féar a bhailiú nó chun cré a réiteach
uirlis ghearrtha faoi lámh agus lann leathan a bhfuil fiacla ar a faobhar; banda nó diosca gearrtha le fiacla a oibrítear le meaisín
screamh (scim ar fhiacla, scim aoil); imní (ní hé sin atá ag déanamh scime dom)
ainm ginearálta ar iasc farraige craosach, cuid acu ollmhór agus fíochmhar go maith, agus fiacla faobhracha ar nós an tsáibh acu
fáisceán fada dúnta d'éadaí, do mhálaí etc., ina dtéann dhá shraith fiacla i ngreim ina chéile nuair a tharraingítear sleamhnán eatarthu
caint faoi na fiacla; bruscar; smionagar
fiacail mhór chun tosaigh
cnaipe agus dhá cheann air chun bóna a dhúnadh; stumpa (stoda fiacaile); staic, cuaille
an chuid de rud atá fágtha nuair atá an phríomhchuid de gearrtha nó caite (stumpa fiacaile, coinnle); cos (cabáiste); rud mór dá chineál (stumpa bréige, amadáin)
plúr fliuch agus é fuinte lena bhácáil mar arán; leacht ramhar greamaitheach chun páipéir etc. a ghreamú dá chéile; aon mheascán bog (taos fiacla)
sracadh chugat nó leat (rópa, cairt, a tharraingt; tarraing suas do bhríste ort); iompar (ag tarraingt cloch, móna); piocadh (clúmh, olann, a tharraingt); baint (fiacail a tharraingt); tógáil (ag tarraingt piontaí, fíona; ticéad, cárta, a tharraingt); fáil (pá, pinsean, a tharraingt); sú (anáil a tharraingt; doras ag tarraingt gaoithe; bád ag tarraingt uisce; píopa a tharraingt); rianú, gearradh (líne, léarscáil, a tharraingt); tabhairt, tógáil (trioblóid a tharraingt; tharraing scéal scéal eile); gabháil (ag tarraingt thar toinn; tarraing isteach chun an bhoird); lua (scéal a tharraingt anuas, a tharraingt ort); cur ceangailte i (ná tarraing d'athair orainn); bualadh (tharraing sé cic air); druidim le (tá sé ag tarraingt ar an mbaile, ag tarraingt ar an Nollaig); mealladh (tá tarraingt súl inti; eolas a tharraingt as duine); aontú, comhoibriú (tá siad ag tarraingt go maith le chéile); cúlú (tarraingt siar as rud); teacht, fáil (tá tarraingt ar airgead aige); slogóg (d'ól sé a tarraingt a chinn de); síneadh (bain tarraingt as)
galar tromchúiseach (glas fiacla) a chuireann glas ar mhatáin an ghéill, agus a thagann de bharr frídín a theacht isteach sa sruth fola trí chneá
troimpéad; gléas ceoil miotail a leagtar ar na fiacla agus teanga ann a bhuailtear le méar