ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
An aching tooth, fiacail thinn, fiacail fhrithir.
He said it as an aside, dúirt sé faoina fhiacail é.
A straightforward bluff man, fear nach gcuireann fiacail ann.
He said under, below, his breath, dúirt sé faoina anáil, i gcogar, faoina fhiacail.
F: To cut s.o.'s claws, na fiacla a tharraingt as duine.
To slip a cog, (i) (of pawl) sciorradh thar fiacail; (ii) (of the mind) dearmad a dhéanamh ar feadh ala na huaire.
He has a bare competency, níl ann ach go bhfuil sé ag coinneáil snátha faoin bhfiacail.
To drill a tooth, fiacail a dhruileáil.
Not to put too fine an edge upon it, gan fiacail a chur ann.
At the edge of a precipice, ar fhiacail, ar bhruach, aille.
To extract a tooth, fiacail a stoitheadh.
Extraction of a tooth, stoitheadh m fiacaile.
False teeth, fiacla fpl bréige.
To fill a tooth, fiacail a líonadh.
To be quite frank with you . . ., gan aon fhiacail a chur ann . . .
P: Frantic toothache, doightheacha fpl (fiacla) nimhe.
To have gas to get out a tooth, dul faoi ghás chun fiacail a tharraingt.
To gnash one's teeth, díoscán, díoscarnach, a bhaint as na fiacla.
Her teeth are gone, tá na fiacla caillte aici.
To grind sth. between one's teeth, rud a chogaint faoi na fiacla.
To grind one's teeth, díoscán a bhaint as d'fhiacla.
Grinders, fiacla fpl; foireann mheilte.
To grit one's teeth, na fiacla a ghearradh, a chogaint.
Groove and tongue joint, siúnta fiacaile agus maint.
To groove and tongue, siúnta fiacaile agus maint a chur i (rud).
To have a tooth out, fiacail a tharraingt.
He's just holding on, tá sé ag coinneáil snáithe faoin bhfiacail ar éigean.
Wheel with inserted teeth, roth agus fiacla ann.
Keep it to yourself, buail fiacail air; ná lig le d'anáil é.
He locked his teeth, d'fháisc sé a fhiacla ar a chéile.
A loose horseshoe, tooth, crú, fiacail, ar bogadh.
Farr: Mark of mouth, marc fiacaile.
Prov: Least said soonest mended, níor bhris béal iata fiacail riamh.
Not to mince matters, one's words, gan fiacail a chur ann, gan dul ar chúl scéithe leis.
To make s.o.'s mouth water, uisce a chur le fiacla duine.
He mumbled a few words, dúirt sé cúpla focal trína, faoina, fhiacla.
He murmured the name, luaigh sé an t-ainm trína, faoina, fhiacla; dúirt sé an t-ainm de chogar.
To mutter an oath, mionn a rá trí na fiacla.
To pick one's teeth, d'fhiacla a phiocadh.
P: Put that in your pipe and smoke it! cuir sin faoi d'fhiacail agus cogain é!
He wrote them as pot-boilers, leis an snáithe a choinneáil faoin bhfiacail a scríobh sé iad.
To put it bluntly, gan fiacail a chur ann.
To set one's teeth, na fiacla a theannadh ar a chéile.
He showed his teeth at me, scamh sé na fiacla chugam.
F: He calls a spade a spade, ní chuireann sé fiacail ann; ní chuireann sé plána mín air.
Steps of a key, fiacla fpl eochrach.
Straight out, gan fiacail a chur ann.
Mec.E: Stub teeth, fiacla giortacha.
He had a drop taken, bhí braon faoin bhfiacail aige.
To take out a tooth, fiacail a tharraingt, a stoitheadh.