Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: around · ground · rotund · rebound · redound
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh round »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
round1, I a. 1 Cruinn, comhchruinn. The Round Table, An Bord Cruinn. Round-table conference, comhchomhairle f. Eyes round with astonishment, súile ar leathadh le hiontas. Round shoulders, cromshlinneáin mpl. Round-hand, lámhscríobh cruinn. S.a. ARCH1 1. 2 Round dance, rince fáinneach. Round trip, turas ann agus ar ais. Round towel, tuáille m rollach. 3 a Round dozen, dosaen iomlán. In round figures, gan trácht ar an gcorrlach. b Good round sum, suim mhaith. To go at a good round pace, siúl maith cothrom a bheith fút. c Round style, stíl líofa, mórfhoclach. Round voice, guth bog binn. Round oath, mionn mór. 4 A: To be round with s.o., labhairt tur te le duine.   roundly, adv. 1 Go fuinniúil. To go roundly to work, dul i mbun oibre go dúthrachtach. 2 A: (Labhairt) gan fiacail a chur ann. II s. 1 a Ciorcal m, cruinneán m. Cylinder out of round, sorcóir m camtha. b Art: Statue in the round, dealbh sa chruinne. 2 a Runga m (dréimire). b Arch: Cruinnmhúnla m. Cu: Round steak, stéig f mháis. Round of beef, cruinnspóla mairteola. Round of toast, cruinnslisne tósta. 3 The yearly round of the earth, cúrsa bliantúil an domhain. F: The daily round, gnáthchúrsa an lae. One continual round of pleasures, síoraeraíl ó cheann ceann na bliana. 4 a Cúrsa m. To go for a good round, geábh maith (siúil, taistil, etc.) a thabhairt. To have a round of golf, dreas gailf a imirt. F: The story went the round, rinneadh an scéal a reic. b Turas m. The post-man's round, turas fhear an phoist. (Of doctor) To make his rounds, to go (on) his rounds, dul ar a chuid cuairteanna. c Mil: Cuairt (chigireachta). 5 Sp: Babhta m. 6 a To stand a round of drinks, cur deochanna a cheannach (don chuideachta). b Mil: A round of ten shots, rois m deich n-urchar. F: Round of applause, dreas m gártha molta. c Mil: Round of ammunition, urchar m lón lámhaigh. (Of company) To fire a round, urchar (an duine) a chaitheamh. 7 Mus: Rothlam m.
round2, I adv. 1 a To go round, dul (thart) timpeall. To turn round and round, casadh timpeall arís is arís eile. To turn round (about), casadh thart. b All the year round, ó cheann ceann na bliana. Winter came round, tháinig an geimhreadh. S.a. BRING ROUND, COME ROUND, ETC. 2 a Garden with a wall right round, all round, gairdín agus balla mórthimpeall air. To be six feet round, bheith sé troithe mórthimpeall. To show s.o. round, duine a thabhairt ar fud na háite, an tí. F: Taken all round, tríd agus tríd. S.a. ALL-ROUND. b All the country round (about), thart timpeall; an tír uile máguaird. For a mile round, feadh míle ar gach taobh. 3 F: To hand round the cakes, na cácaí a chur thart. Glasses round! gloine do gach duine! There is not enough to go round, níl riar an iomláin ann. 4 a It's a long way round, is mór an timpeall, an cor bealaigh, é. To take the longest way round, dul an bealach is faide. b To bring the carriage round, an cóiste a thabhairt chun tosaigh. F: To ask s.o. round for the evening, a iarraidh ar dhuine teacht ar cuairt chugat tráthnóna. If you are round this way, má bhíonn tú ag gabháil an bealach seo. S.a. GET ROUND, GO ROUND, ETC. II prep. 1 Timpeall(with gen.); thart ar, timpeall ar; thart faoi. a Seated round the table, suite timpeall an bhoird. There was a crowd round the church, bhí slua timpeall na heaglaise. He is thirty-eight inches round the chest, tá sé ocht n-orlaí tríochad sa chliabhrach. Somewhere round a hundred pounds, isteach agus amach le céad punt. Round (about) midday, i dtrátha an mheánlae. b (Motion) To swim round the island, snámh timpeall an oileáin. To go round the theatres, cuairt a thabhairt ar na hamharclanna. To go round (and round) sth., dul timpeall ar rud arís agus arís eile. To write a book round a legend, leabhar a bhunú ar fhinscéal. 2 To go round an obstacle, dul timpeall ar chonstaic. You will find the grocer round the corner, tá an grósaeir ar chúl an choirnéil. S.a. GET ROUND I (c).
round3 . 1 v.tr. a Déanaim (rud) cruinn; maolaím (uillinn). b Téim timpeall ar (chonstaic). Nau: Scoithim, tógaim (ceann tíre). 2 v.i. a Éiríonn cruinn. b To round on one's heel, iompú m ar do chois; casadh timpeall. To round on s.o., aghaidh do chraois a thabhairt ar dhuine.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The hills (round) about the town, na cnoic timpeall an bhaile.
An all-round man, fear ilbheartach.
All-round improvement, biseach ar gach uile bhealach.
Round arch, áirse chruinn.
Round bracket, lúibín chruinn.
Bring it round this evening, bíodh sé leat tráthnóna.
To bring s.o. round (from swoon), duine a thabhairt chuige féin, beos a chur i nduine.
To bring the conversation round to a subject, an comhrá a tharraingt ar rud.
We all centred round him, chruinnigh muid ar fad timpeall air.
To circle round, about, sth., bheith ag fáinneáil, ag guairdeall, ag gearradh fáinní, timpeall ar rud.
The bottle circled round, bhí an buidéal á chur timpeall.
He slept the clock round, chodail sé lá agus oíche.
To close about, round (s.o.), bailiú timpeall ar dhuine.
To cluster round s.o., sth., cruinniú, bailiú, timpeall ar dhuine, ar rud.
F: Come round and see me some day, tar ar cuairt chugam lá de na laethanta seo.
He came round, mhothaigh sé ar ais.
He came round to their way of thinking, tháinig sé ar an mbarúil chéanna leo.
He disappeared round the corner, chaith sé an coirnéal agus d'imigh as amharc.
Round-ended, cruinncheannach.
To fence a town (about, round) with walls, ballaí a thógáil thart ar bhaile.
It will cost five hundred in round figures, cosnóidh sé isteach is amach le cúig chéad.
Box: First round, céadbhabhta m.
To fling one's arms round s.o.'s neck, barróg a bhreith ar mhuineál ar dhuine.
To gather round the fire, cruinniú ar an tine.
Gather round! druidigí isteach! déanaigí fáinne!
To get round to every boy in the class, teacht fad le gach aon bhuachaill sa rang.
To get round s.o., duine a mhealladh.
I know how to get round him, tuigim conas é a ionramháil.
To get him round, é a thabhairt chuige féin.
(ii) F: I went round to see him, chuas siar (soir, síos, etc.) (ar cuairt) chuige.
My head is going round, tá meadhrán, roithleán, i mo cheann.
There is not enough to go round, níl díol a roinnte ann; níl cion ranna ann.
To go round the city, dul ar fud na cathrach; cuairt na cathrach a thabhairt.
There is a halo round the moon, tá lios, garraí, ar an ngealach.
Round hand, scríbhneoireacht chomhchruinn.
He hangs round her, tá sé ina diaidh mar a bheadh scáil ann.
To send, pass, the hat round on s.o.'s behalf, déirc a iarraidh do dhuine.
To lap sth. round sth., rud a fhilleadh, a chasadh, timpeall ruda.
They come very largely from round Galway, is ó cheantar na Gaillimhe dá bhformhór.
To take the longest way round, an timpeall a ghabháil.
I had, took, a look round the town, chuas ag féachaint an bhaile.
To look round for s.o., breathnú timpeall ar lorg duine.
Don't look round! ná féach siar! ná hiompaigh!
It will be a millstone round his neck all his life, beidh sé ina cloch bhrón faoina mhuineál i rith a shaoil.
Round-leafed mint, miontas m.
She flung her arms round his neck, rug sí barróg ar mhuineál air.
Nip round to the shop, sciurd anonn, rith leat, chun an tsiopa.
To nose about, (a)round, bheith ag sróiníneacht, ag póirseáil, thart.
This round (of drinks) is on me, ormsa an deoch seo.
They packed round the speaker, bhrúigh siad timpeall an chainteora.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht