Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: at · chat · ha · haft · halt
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Seans gur foirm é hat de: at »
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh hat »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
hat, s. Hata m. Top hat, silk hat, hata ard (síoda). Soft felt hat, hata bog (feilte). Beaver hat, béabhar m. An old hat, cáibín m. To raise your hat to s.o., do lámh a chur i do hata do dhuine. Hat in hand, go humhal. Put on your hat, cuir ort do hata. Take off your hat, bain díot do hata. F: I took off my hat to him, tugaim an chraobh dó; tugaim suas dó é. To send, pass, the hat round on s.o.'s behalf, déirc a iarraidh do dhuine. P: My hat! diabhal an féidir! Keep it under your hat, ná cluineadh clocha na talún é. Cr: Hat trick, tréchleas m. S.a. TALK2 I. 1.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He adjusted his hat, shocraigh sé a hata ar a cheann.
To brush a hat against the nap, hata a scuabadh in aghaidh stuif.
With his hat a-tilt, agus a hata ar leataobh a chinn.
An awful hat, hata uafásach, gránna.
He bashed in the hat, rinne sé leircín den hata.
Old battered hat, seanhata briste brúite, seanhata leacaithe.
v.tr.That hat does not become you, ní thig, ní oireann, an hata sin duit.
The wind blew his hat off, shíob an ghaoth a hata de; d'fhuadaigh a hata le gaoth.
His hat blew off, d'imigh a hata de leis an ngaoth, d'fhuadaigh a hata.
Bowler (hat), babhlaer m.
Brass-hat, ardoifigeach airm.
To brush up a hat, hata a scuabadh.
F: Chimney-pot (hat), hata ard síoda.
He clapped on his hat, d'fháisc sé air a hata.
He gave his hat a saucy cock, chocáil sé an hata air féin; chuir sé an hata ar leathstuaic air féin.
He cocked his hat, (i) chuir sé a hata ar leathstuaic air féin; (ii) chuir sé feirc ina hata.
Cocked hat, hata coic; (two-pointed) hata dhá choc.
F: To knock s.o. into a cocked hat, spéice, cruipidín, a dhéanamh de dhuine.
Three-cornered hat, hata trí bheann.
He crammed his hat over his ear, bhrúigh sé a hata anuas ar a chluais.
Crown of a hat, tóin f hata.
High-, low-crowned hat, hata ard, íseal.
A dilapidated hat, giobal m de hata.
Disreputable old hat, seancháibín m.
It's a dream of a hat! is gleoite an hata é!
It's a duck (of a hat), is mór an sport é (mar hata),
His hat fell off, thit a hata dhe.
Get me my hat, tabhair chugam mo hata.
My hat has gone, níl aon fháil ar mo hata.
Hat in hand, go humhal.
To hang a hat on a peg, hata a chrochadh ar bhacán.
Here's your hat, seo (dhuit) do hata.
To iron (up) a hat, an t-iarann a chur ar hata.
He jammed his hat on his head, bhrúigh sé a hata anuas ar a cheann.
The last word in hats, hata den fhaisean is nua.
Leghorn (hat), hata tuí Iodáileach.
How does my hat look? cad é do mheas ar mo hata?
What a love of a hat! nach gleoite an hata é! nach mór an spórt é (an hata)!
Dress with hat to match, gúna agus hata ag cur leis, agus hata dá réir.
A modish hat, hata gaigiúil.
The black hat costs more than the green one, is daoire an hata dubh ná an hata glas.
That hat of his, an hata sin aige.
Hats off! bainigí díbh na hataí.
Take any old hat, tarraing ort aon hata in aon chor.
F: Outrageous hat, hata áiféiseach.
With his hat over his eyes, agus an hata anuas ina shúile aige.
His hat over one ear, a hata ar thaobh a leicinn.
Panama hat, hata m Panama.
High-peaked hat, hata biorach.
Pork-pie hat, hata m pióige.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht