Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: gala · galaí · agar · gal · gála
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
galar fir1 aicíd; máchail, mí-ádh (i ngalar na gcás; tá mo ghalar féin ort) galar breac bolgach galar buí buíochán, lí bhuí galar crúibe is béil galar tógálach ar eallach a ngabhann othrais leis galar dubhach domheanma bhuan galar titimeach titimeas
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
tinneas, breoiteacht, galar
galar craicinn a ngabhann puchóidí nó goiríní dearga leis
galar ar chealla an choirp a fhásann agus a leathann
(le galar, tinneas) i ngreim (chuaigh an slaghdán in ainseal air)
teacht tríd an gcuid is dainséaraí de ghalar
galar a chuireann as d'fheadáin na scamhóg agus a dhéanann análú deacair, múchadh
rud beag bídeach beo sa chorp, miocrób; frídín (a tharraingíonn galar go háirithe)
substaint a mharaíonn frídíní galair
galar cnis a thagann ina phaistí cruinne
galar tógálach a leanann fiabhras trom agus spotaí dearga ar an gcraiceann é
lí bhuí, galar a thugann dath buí ar an gcraiceann agus ar ghealacán na súl
galar trom tógálach atá an-tréan ar na putóga
galar craicinn ar mhadraí etc.
tréimhse éigeantach leithlise do dhuine nó d'ainmhí a mbeadh galar tógálach air
galar fungasach craois
an galar dall, bail an ruda nó an duine atá dall
galar fiabhrais lena dtagann cloig thochais ar an aghaidh agus ar an gcorp
galar tógálach ar na céislíní agus ar an scornach
saoradh ó thógáil galair trí fhrídíní galair a dhíothú
galar tógálach ar na putóga
éirí dubh nó a dhéanamh dubh (dhubhaigh an spéir, a ghnúis); (le barr ag fás) galar dubh; brón, briseadh croí
lionn dubh, galar dubhach
galar craicinn
ráig ghalair a leathann agus a bhuaileann an-chuid daoine
galar tógálach a thagann ar na scamhóga go háirithe
(le galar) in ainseal, i ngreim
sláintiúil; slán, saor ó ghalar nó ó locht; go maith don tsláinte (bia folláin); maith an bhail (b'fholláin duit nach bhfaca sé thú)
foirm bheag bhídeach den bheatha phlandúil nó ainmhíoch nach féidir a fheiceáil ach faoi mhicreascóp (Cothaíonn frídíní áirithe galar)
fuílleach; iarsmaí (fuíoll galair); máchail, fabht (fuíoll baiste); iarmharán (fuíoll áir, fuíoll na Féinne)
galar a chur ar; ionaclú ar ghalar; éirí breoite
gan salachar (éadach glan); gan fiaile (talamh glan); gan truailliú (aer glan); gan smál (anam glan); gan frídíní galair (fuil ghlan); gan scamaill (spéir ghlan); gan mháchail (obair ghlan); díreach (líne ghlan); soiléir (guth glan); cinnte (ráiteas glan); cothrom (punt, sé troithe, glan); amach is amach (rinne mé dearmad glan de; d'aon ghnó glan); amach ó (fan glan díobh); neamhchiontach (tá mé glan air); scriosta (tá mé glan aige); cruinn (go díreach glan)
scleondar, scailéathan; galar neirbhíseach
taom éadrom de ghalar a thabhairt do dhuine trí fhrídíní an ghalair sin a instealladh ina chorp (mar shampla, gearradh na bolgaí)
galar coirp a leanann at uisciúil é; nimh, binb
grá geal nó searc duine; aicíd, galar (is olc an leannán atá ort)
galar ar fhaireoga an mhuiníl agus at míchompordach leis, plucamas
galar fola a éiríonn de bharr barraíocht (nó easpa) coirpíní bána
buíochán, galar buí
galar dubhach, cian, tromchroí
galar ainsealach craicinn
dochtúir a dhéanann obráid ar an gcorp le déileáil le galair nó créachtaí áirithe
frídín galair
(le galar) gan a bheith tógálach; (le duine) réchúiseach, sochma
galar aigne a fhágann duine faoi shíorneirbhís
leicneach, galar ar fhaireoga an mhuiníl agus at gránna á leanúint
substaint mhiotalach radaighníomhach a thugann gathanna amach agus a úsáidtear chun galair a leigheas
spotaí dearga a thagann ar an gcraiceann le galair áirithe, bruth, gríos
ospidéal, go mór mór do dhaoine a bhfuil galair scamhóg orthu
galar a thagann le heaspa torthaí agus glasraí friseáilte (Thagadh scorbach fadó ar mhairnéalaigh a bheadh rófhada ar an bhfarraige)
a bhaineann le staidéar agus le cóireáil ar ghalar meabhrach
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht