TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
gluaisteán fir1 carr a thiomáintear le hinneall ► gluaisteánaí fir4 ► gluaisteánaíocht bain3
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
carráiste nó cairt faoi dhíon; teach beag ar rothaí á tharraingt i ndiaidh gluaisteáin nó capaill
feithicil ar rothaí, go háirithe gluaisteán
an taobh thiar de rud (cúl do chinn, cúl an tí); droim (cúl a thabhairt do rud; thug sé cúl lena mhuintir); deireadh (cúl an ghluaisteáin; an féar cúil); siar, taobh thiar (dul ar gcúl; clog a chur ar gcúl; marcaíocht ar cúla); taca, taisce (cúl airgid; cúl taca; an dream atá ar a chúl); iargúltacht (coillte cúil); folt gruaige; (le cluichí) (i) cosantóir (ii) báire
seid do ghluaisteán; áit ina ndíoltar agus ina ndeisítear feithiclí
socrú, ord, eagar; troscán (inneall tí); gléas (inneall a chur ort féin); ord ceart (in ord agus in inneall); gaiste (inneall a chur); meaisín, gléas cumhachta nó tiomána (Inneall a thiomáineann gluaisteáin, traenacha agus eitleáin)
gluaisteán beag cumhachtach agus tiomáint ceithre roth uirthi
clós d'ainmhithe; áit pháirceála do ghluaisteáin
ainmhithe, gluaisteán, a chur i loca; bád a chur ar ancaire; tathant (bia a locadh ar dhuine)
maide a d'oibrítí síos suas sa chuigeann le him a dhéanamh; píosa cruinn miotail a shleamhnaíonn síos suas i sorcóir folamh i gcaidéal, in inneall gluaisteáin etc.
inneall a chuireann rud ag obair nó ag gluaiseacht; gluaisteán
gort mór glas; faiche, réileán (páirc imeartha); clós (páirc aonaigh, ghluaisteán)
(gluaisteáin etc.) a chur i loc, a locadh, nó a fhágáil ina stad in áit ar feadh tamaill
toise (sonraíochtaí gluaisteáin); cuid iontais nó suntais (tá sonraíocht ar an aimsir, ar a gcuid éadaigh)
treorú nó bagairt chun cinn (caoirigh a thiomáint); stiúradh, giollacht (capall, gluaisteán, a thiomáint); bualadh (liathróid, tairne, a thiomáint); sá, brú (bád a thiomáint chun an uisce; ná bí ag tiomáint na bhfear mar sin; tiomáin leat!); ruaille buaille, ruathar (tiomáint is dul trí chéile); éileamh, ráchairt (bhí tiomáint ar mhuca ann)