TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
inneall fir1 socrú, ord, eagar; troscán (inneall tí); gléas (inneall a chur ort féin); ord ceart (in ord agus in inneall); gaiste (inneall a chur); meaisín, gléas cumhachta nó tiomána (Inneall a thiomáineann gluaisteáin, traenacha agus eitleáin)
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
árthach a thugann daoine nó earraí thar uisce agus a thiomáintear le maidí rámha nó le seol nó le hinneall
duine a bhaineann rud as an talamh nó a phiocann rud den talamh nó de ghas nó de chraobh; inneall a bhaineann arbhar
bríce beag; fód de mhóin fhuinte as inneall
duine nó inneall a bhriseann rudaí
buillí a thabhairt do dhuine nó do rud; an gráinne a bhaint de thuí le hinneall buailte; uibheacha no uachtar a ghreadadh go dtagann cúr orthu; preabadh go rialta (croí ag bualadh); múnlú (airgead a bhualadh); seinm (port a bhualadh); leagan (buaileadh breoite é); sroicheadh ar do chúrsa (gur bhuail siad cuan; buail isteach chugainn); troid (bhí bualadh mór ann); bua a fháil (bhuaileamar sa chluiche iad)
an ball d'inneall mótair ina measctar aer agus breosla galaithe
lámh mhór; ladar, lapa; lán láimhe; gléas le dhá pháirt d'inneall a ghreamú nó a scaoileadh
inneall a mhaistríonn bainne nó uachtar chun im a dhéanamh, meadar bhainne
inneall chun leictreachas a tháirgeadh
inneall ina n-adhntar ola le teas a ghintear de bharr brú (seachas le haithinne)
múscailt as chodladh; preab (dúiseacht a bhaint as duine); bail an ruda atá dúisithe (bhí sí ina dúiseacht); tosú (inneall a dhúiseacht)
eitleán gan inneall a eitlíonn le cabhair shruthanna aeir
fearachas; ord, eagar (inneall a chuir i bhfearas); gaireas, feisteas, gléas, uirlis (fearas iascaigh)
rothar trom a thiomáintear le hinneall
carr a thiomáintear le hinneall
cuid d'inneall a iompraíonn an chuimilt ó chuid eile de atá ag gluaiseacht
a ghluaiseann le cumhacht innill
scata inneall, fearas (meicniúil)
duine i bhfeighil innill nó a dhéanann innill; duine a phleanálann agus a thógann dambaí, bóithre, iarnróid agus droichid
maide a d'oibrítí síos suas sa chuigeann le him a dhéanamh; píosa cruinn miotail a shleamhnaíonn síos suas i sorcóir folamh i gcaidéal, in inneall gluaisteáin etc.
duine a lomann nó a bhearrann; inneall lomtha
bád seoil nó innill a úsáidtear chun rásaíochta, pléisiúir etc.
gineadóir leictreach le maighnéad chun inneall a dhúiseacht
inneall a chuireann rud ag obair nó ag gluaiseacht; gluaisteán
obair a dhéanamh; obair a bhaint as rud (talamh a oibriú; capall a oibriú); gníomhú, feidhmiú (tá an t-inneall ag oibriú; níor oibrigh an cleas sin); corraí (bhí sé oibrithe go mór)
inneall chun uisce a thógáil as tobar nó chun gáis, leachtanna etc. a bhrú nó a aistriú
píopa nó gléasra eile chun seomra a théamh le leictreachas, uisce te nó gal; cuid de charr a choinníonn uisce leis an inneall a fhuarú
feithicil bheag dhá roth, a thiomáintear le brú ar chos amháin nó le hinneall
leathlaí cairte, fearsaid (in inneall, etc.)
inneall trom a tharraingíonn rudaí ina dhiaidh (go háirithe feithiclí nó fearas feirme mar chéachta)
(le hinneall, gléas ceoil) cur i dtiúin
crith mar a dhéanfadh sreang nuair a phrioctar í; creathán nó croitheadh mar a dhéanfadh inneall loinge
sraith carráistí iarnróid á dtarraingt ag inneall ar ráillí
inneall gaile, gáis etc., a chuireann rothaí lannacha ag casadh