Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: nád · nádúraí · nár · andúir · ardú
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
nádúr fir1 an saol máguaird seachas mar atá déanta ag an duine (ar nós plandaí, ainmhithe, aibhneacha, cnoic etc.); buntréithe duine (an nádúr daonna) nó ruda (tá nádúr gainimh sa talamh sin); bá, cineáltas (lán de nádúr); an domhan saolta (dlíthe an nádúir; os cionn nádúir)
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
boige i nádúr duine, maoithneachas, saontacht
dúil cheimiceach a tharlaíonn sa nádúr i bhfoirm rudaí mar ghual, gualach, diamaint
samhail ar scannán ina bhfuil an trom agus an t-éadrom bunoscionn leis an tslí ina bhfuil siad sa nádúr
éirim i nádúr an duine a aithníonn ceart ó mhícheart, scrupall
nádúr an duine; cineál, nádúr, cneastacht
cúrsaí Dé; nádúr diaga; eolaíocht dhiaga
prionsabal daingean (dlí an nádúir, dlí Dé); cód rialacha le tír a rialú (cuid acu ón bparlaimint agus cuid eile bunaithe ar chleachtas); caingean, cúis (dul chun dlí le duine); prionsabal eolaíochta (dlíthe na ceimice); gnáthnós imeachta nó iompair (dlí an mhargaidh)
an ealaín nó an chumhacht a deirtear a thugann torthaí iontacha le cabhair ó fhórsaí an nádúir nó ó neacha neamhshaolta; aon tionchar gan mhíniú as a dtagann torthaí iontacha; aoibhneas, taitneamh (ceol a chuirfeadh draíocht ort); geasa (cibé draíocht a d'imir sí air)
dúile uile na cruinne trí chéile, nádúr
staidéar ar a bhfuil d'eolas ceart ann faoi phrionsabail iompair an duine agus na cruinne agus bhundlíthe na cruinne; fíor-réasúnaíocht faoi nádúr agus thairbhe rudaí
nádúr, aigne (tá dea-mhéin acu dúinn); iompar (méin mhaorga)
in aghaidh nádúir; in aghaidh thréithe nádúrtha an duine
ceann de na mionghrúpaí adamh as a bhfuil substaint ar bith déanta; an mhír ranna is lú i substaint a bhfuil nádúr na substainte fágtha inti
de réir nádúir, ag teacht le nádúr
ballraíocht i náisiún áirithe; nádúr, deachroí
os cionn chumhachtaí an nádúir; thar réasún
ábhar; nádúr (d'aon substaint leis an Athair); scamhard, doimhneacht, tathag (bia a bhfuil substaint ann; caint gan substaint); maoin shaolta, saibhreas
cáilíocht i nádúr duine; mianach, bua (tréithe dúchais, pearsanta, duine); éacht (tá tréithe déanta aige); cleas (cuir uait na tréithe)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht