TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
oiread ainmfh méid, uimhir (níl a oiread clú air agus a bhíodh; déanfaidh mé a oiread duit; an oiread céanna airgid); toirt (níl oiread m'ordóige ann; oiread na fríde); fiú amháin (ní raibh a oiread is focal as); áirithe (an oiread seo airgid) ► ach oiread ach chomh beag (ní raibh mise ann ach oiread)
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
an oiread céanna, an mhéid nó an toirt chéanna
an méid nó an oiread céanna (déanfaidh mé a chomhoiread duit)
go leor, a oiread agus is gá (de rud)
méadú faoi dhó; filleadh (páipéar a dhúbailt); a dhá oiread, a oiread eile arís (chuir sé dúbailt oibre orm)
díol tairbhe nó luacha (is fiú £100 é; ní fiú dada é; níorbh fhiú é a rá); a oiread is (níl fiú na mbróg air; go fiú na pingine; gan fiú beannú dúinn); (mar dob ) (níl sé leathlán fiú; fiú amháin dá mbeinn ann)
éirí fliuch nó a dhéanamh fliuch; a oiread is a dhéanfadh fliuch (tabhair fliuchadh mo bhéil dom)
fíneog; aon rud beag bídeach (níl oiread na fríde ann)
a oiread is a líonann (lán loine, seomra, sráide); líon (lán gráin i ngunna); líonadh, taoide lán (lán mara); mórchúis, mórtas (is mór an lán atá faoi); cuid mhaith (a lán daoine; shiúil sé a lán)
a oiread (agus a liacht uair a bhí mé ann)
go héasca (tá an oiread sin go sásta ann)
creatlach bhog scagach ainmhí farraige a úsáidtear chun níocháin toisc go gcoinníonn sé an oiread sin uisce; earra cosúil leis seo déanta as plaisteach nó cúr-rubar
i ndiaidh uimhreacha; tréimhse seasca nóiméad (uair an chloig); am (den lá, den bhliain); spriocam (ar uair ár mbáis); linn (baois na huaire); ócáid, babhta (uair sa bhliain, uair éigin; an uair sin); aimsir, uain; oiread (dhá uair chomh fada leis)
rud le hiompar, a oiread agus is féidir a iompar in aon bheart amháin, muirear; scata