SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
árthach a thugann daoine nó earraí thar uisce agus a thiomáintear le maidí rámha nó le seol nó le hinneall
lámh oscailte; lán láimhe (bos uisce); boiseog (bos sa leiceann); páirt leata de rud (bos camáin, bos maide rámha)
tarraingt de dhorn nó d'arm ar dhuine nó ar rud; tarraingt speile in arbhar; tarraingt rámha in uisce; iarracht snámha; preabadh croí nó cuisle; bualadh cloig (ar bhuille a haon); caill, dochar (is mór an buille orthu é)
maide rámha gearr agus bos leathan air
pionna maide rámha, cnoga
bád a thiomáint le maidí rámha