Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: rith trí · rith ó
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
rith fir cur sna cosa ar luas; (le huisce) imeacht go faíoch; síneadh (rinn ag rith amach san fharraige); scaoileadh (rith an tsnaidhm); ídiú, caitheamh (tá a théarma rite); cur ag rás (capall a rith); cur ar siúl, reáchtáil (gnó, rince, a rith); achtaí, reachtú (rún a rith); déanamh (poitín a rith); críochnú (tá sé rite ina dhochtúir); imeacht gann ar fad i (rite as bia, as airgead); gabháil le, baint le (tá an tréith sin ag rith leis); éirí le (má ritheann liom); ráchairt, éileamh (rith ar earraí); taom (rith tinnis, rití fuachta); scaoilteacht, buinneach (chuir an bia úd rith air); scoth (an chéad rith den phlúr) rith croí croí ag bualadh go mear rith focail sciorradh focail rith síos cáineadh i rith le linn, i gcaitheamh
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
an ball cuasach sa chorp a oibríonn ar nós pumpa chun an fhuil a chur ag rith trí na cuislí; lár nó meán ruda ar bith (croí na ceiste); aigne, meon (croí bog; croí éadrom, croí na féile); spiorad, misneach (níl croí circe aige); grá (mo chroí thú!)
ardú meanman; rith croí
rith croí (le scanradh etc.)
rith croí le sceimhle, anbhá
mistéir; scéal nach bhfuil a fhios ach ag duine amháin nó ag fíorbheagán daoine; beartú, intinn (tá rún agam dul ann); tairiscint fhoirmiúil os comhair cruinnithe (rún a mholadh, a rith); grá geal, leannán (a rún mo chroí)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht