EXACT MATCHES
IN AN FOCLÓIR BEAG
rith fir cur sna cosa ar luas; (le huisce) imeacht go faíoch; síneadh (rinn ag rith amach san fharraige); scaoileadh (rith an tsnaidhm); ídiú, caitheamh (tá a théarma rite); cur ag rás (capall a rith); cur ar siúl, reáchtáil (gnó, rince, a rith); achtaí, reachtú (rún a rith); déanamh (poitín a rith); críochnú (tá sé rite ina dhochtúir); imeacht gann ar fad i (rite as bia, as airgead); gabháil le, baint le (tá an tréith sin ag rith leis); éirí le (má ritheann liom); ráchairt, éileamh (rith ar earraí); taom (rith tinnis, rití fuachta); scaoilteacht, buinneach (chuir an bia úd rith air); scoth (an chéad rith den phlúr) ► rith croí croí ag bualadh go mear ► rith focail sciorradh focail ► rith síos cáineadh ► i rith le linn, i gcaitheamh
DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
an ball cuasach sa chorp a oibríonn ar nós pumpa chun an fhuil a chur ag rith trí na cuislí; lár nó meán ruda ar bith (croí na ceiste); aigne, meon (croí bog; croí éadrom, croí na féile); spiorad, misneach (níl croí circe aige); grá (mo chroí thú!)
rith croí (le scanradh etc.)
rith croí le sceimhle, anbhá
mistéir; scéal nach bhfuil a fhios ach ag duine amháin nó ag fíorbheagán daoine; beartú, intinn (tá rún agam dul ann); tairiscint fhoirmiúil os comhair cruinnithe (rún a mholadh, a rith); grá geal, leannán (a rún mo chroí)