SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
seasamh nó taobhú (le) (cloí le do mhuintir, le d'fhocal)
cur fóid mhóna ina seasamh le chéile chun triomaithe, cnuchairt
uimhir ina seasamh léi féin (1, 2, 14, 247 etc.)
níos mó dá bharr (is móide a meas air go seasann sé leo); dócha (ní móide go dtiocfaidh siad anois); plus (a dó móide a trí = a cúig)
bheith ar do chosa nó éirí ar do chosa agus gan a bheith suite ná sínte; stad, stopadh (seas tamall is labhair liom; sheas mo chroí); maireachtáil (má sheasann an aimsir; fad a sheas an t-airgead); cur in aghaidh, cur in éadan, cur suas le (an fód a sheasamh; an fuacht a sheasamh); cosaint (do cheart a sheasamh); íoc as deoch do dhuine; buanfas (tá seasamh san éadach sin); brath (mo sheasamh ort!); stádas (tá seasamh maith aige i measc a dhaoine); tacú le (seasamh le chéile; an fear a sheas liom)
ina sheasamh (bloc seasta); buan, cónaitheach, rialta (post, éileamh, seasta); sásta (tá sé seasta leis féin)
ardán do dhaoine le suí nó le seasamh ann ag faire ar chluichí spóirt; ball troscáin le rudaí a chur ann nó a chrochadh air, nó a thaispeáint air
rud a sheasann do rud eile (is í an chros siombail na Críostaíochta); sín nó comhartha giorraithe le rud áirithe a léiriú (mar + chun suimithe, ÷ chun roinnte)
beart punann arbhair curtha ina seasamh le chéile chun triomaithe
(thú faoi réir briathair) mír a sheasann don té a bhfuiltear ag caint leis (is tú a dúirt é; ní aithním thú)
fear a sheasann le fear a bheadh ag pósadh; garda cósta