SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
a rá amach go hoscailte; bheith sásta a rá gur mar sin atá; nóta á rá go bhfuair tú nó gur íoc tú as rud éigin; faoistin a dhéanamh i gcoir
céannacht duine nó ruda a bheith agat toisc gur bhuail tú leis cheana; aitheantas a thabhairt do (ní aithníonn sé a ghaolta feasta); idirdhealú (aithint idir an mhaith agus an t-olc); brath, mothú (d'aithin sé go raibh fearg orm)
eolas ar dhuine nó ar rud toisc go n-aithníonn tú é; cosúlacht, riocht (tá aithne bisigh air)
buairt faoi rud éigin a rinne tú nár cheart duit a dhéanamh; brón (tá aithreachas orm)
mar sin, cosúil leis sin (gurab amhlaidh duit; an amhlaidh nach dtuigeann tú mé?)
cairdeas nua le duine ar thit tú amach leis
fanacht mar a bhfuil, socrú síos (cá bhfuil tú ag baint fút?); ciúnú, ceansú (thug mé iarraidh baint faoi); tochailt faoi (tá an abhainn ag baint faoin mbruach)
mothú nó léiriú báúlachta le duine ar cé chomh buíoch is atá tú de
na daoine ar díobh tú (do bhunadh féin); lucht cónaithe (bunadh na háite)
cén áit (cá bhfuil sé? cár chuir tú é?; cárb as duit?); cad, céard (cá air a bhfuil sé ag caint?); cé chomh (cá fhad, cá mhéad?)
cén fáth, cén chúis, cad ina thaobh, cad mar gheall ar (cad chuige ar bhuail tú é?)
conas, cén chaoi (cad é mar tá tú?)
slí, bealach (cén chaoi a ndéanfaidh mé é?); deis, seans (dá bhfaighinn caoi air); bail, riocht (cén chaoi a bhfuil tú? cuir caoi air sin dom)
duine a bhfuil aithne agus cion agat air, duine muinteartha, duine atá mór leat agus tú mór leis
cad é an duine nó an rud (cé hé sin? cén chaoi a bhfuil tú?)
cur i dtuiscint (tú féin a chur i gcéill); ligean ort (ag cur i gcéill a bhí sé)
ábhar milleáin, cúis (tú féin is ciontaí leis)
ceansú, smachtú (ainmhí fiáin a chló); taithí, cleachtadh (tú féin a chló leis an obair; clóite leis an anró)
cén chaoi, cad é mar (conas tá tú? conas a tharla sé?)
an rud a gcreideann tú ann, reiligiún; córas reiligiúin (an Creideamh Críostaí, Giúdach nó Ioslamach)
réasún, fáth (cúis ghearáin, cúis gháire; tú féin is cúis leis); cás dlí (daoradh sa chúis é); gluaiseacht a bhfuil aidhm nó cuspóir speisialta leis (cúis na teanga); gnó (ní dhéanfaidh sin cúis)
díbirt as (cuireadh as a bpoist iad); cosc ó, cur ó (chuir tú as gléas é); múchadh (solas a chur as); ligean amach (uaill a chur asat); cur mar fhad le (píosa a chur as rud); goilleadh ar (cad tá ag cur as duit?)
an taobh deas de bhord loinge agus tú ag breathnú chun cinn
tnúth le rud éigin agus ag súil go dtiocfaidh sé; muinín, iontaoibh (is tú mo dhóchas)
ord ceart; cruachás (is olc liom tú a bheith san eagar sin)
bheith in ann, bheith ábalta (ní fhéadfainn é a dhéanamh); cead a bheith agat (féadann tú imeacht); é a bheith de cheart agat (féadann tú áthas a bheith ort)
tabhairt faoi deara, tógáil ruda isteach leis na súile (ní fhaca sé mé ach chonaic mé é); aithint, meas (fan anois go bhfeicfidh mé); labhairt le (caithfidh mé tú a fheiceáil); cuardach (tháinig sé do m'fheiceáil); dealramh (do)(chonacthas dom nach raibh)
socrú, cur in ord nó in eagar, gléasadh (tú féin a fheistiú); ceangal, daingniú, fáscadh (bád, cruach, a fheistiú)
ainm, sloinne; leasainm; focal ar nós mé, tú, é, í, iad, etc., a úsáidtear in ionad ainmfhocail
tuiseal d'ainmfhocal a úsáidtear agus tú ag labhairt le duine
ar mhaithe le (de gheall ar do shláinte); ar intinn rud a dhéanamh (má tá tú de gheall ar imeacht)
téamh le gréin (tú féin a ghrianadh)
glór duine (chuala mé do ghuth); fuaim cheoil a théann le hamhrán (tá guth maith aici); fuaim cosúil le glór (guth na cuaiche); barúil a chuirtear in iúl (guth an phobail); cáineadh ó bhéal (ní bhfaighidh tú guth ná náire as); vóta (do ghuth a thabhairt)
briathar aitheantais nó aicmithe (is é féin atá ann; ní hé Brian é; dá mba mise thú; ní hionann iad; ní gorm atá sé; an cnoc is airde is é is fuaire; ní liomsa é; is amárach a thiocfaidh sé; ní go réidh a scar sé leis; ó d'imigh tú is ea a tharlaigh sé; ní den dream sin mé; an gloine é? is ea)
teacht i láthair, tú féin a thaispeáint
sa chás go (má tá deifir ort, má bhíonn an aimsir maith, má ghlacann tú uaim é, má d'inis sé an fhírinne)
bheith ann, bheith beo, bheith i do bheatha (an mhuintir a mhair an uair sin); leanúint de bheith ann (má mhaireann an aimsir seo); (mar fhocal comhghairdis) (go maire tú do chulaith nua)
dúil, fonn; ábhar na dúile sin (is tú mian mo chroí); (leis an gcopail) toil (más é is mian leat)
más rud é nach, dá mba ea nach (mura bhfuil deifir ort, mura dtiocfá liom, murar bhris tú é; murab ionann iad, murarbh éagóir air é)
mura mbeadh (murach sin, murach go bhfaca mé iad, murach gur labhair tú liom)
focal a chiallaíonn i gcomparáid le(is sine é ná mé; tá sé níos airde ná tú)
mír cheisteach dhiúltach roimh bhriathar (nach bhfeiceann tú féin é? nach bhfuil do dhóthain agat?) nó ag tabhairt ordú (nach suífeá)
duine atá naimhdeach leat nó a throideann tú; tír nó fórsa airm in aghaidh tíre eile; rud mar bhia, etc. nach réiteodh leat (níl aon namhaid agam ach é)
an leagan de nach1 a úsáidtear san aimsir chaite (nár imigh tú fós?)
focal a léiríonn an diúltach le copail nó briathra (ní bhuaileann tú, ní bhuailfeá, é; ní fhaca mé thú; ní bhfuair mé é; ní maith liom é; ní fear a bhí ann ach bean)
an leagan de ní4 a úsáidtear de ghnáth leis an aimsir chaite (níor chreid sé mé; níor ith tú mórán; níor dheas an rud é)
mír chomparáide (tá tú níos óige ná mé; dá mbeadh níos mó airgid agam)
diúltú; teip, cliseadh (d'ob tú orm)
mar (óir is tú a dúirt é)