SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
rud a líonann spás agus is féidir a láimhseáil nó a fheiceáil, etc.; stuif nó substaint fhisiciúil; an stuif a ndéantar rud as, ar nós olann, cailc, cré, etc.; an rud atá i gceist nó faoi thrácht (ábhar na cainte); cúis (ábhar gáire); cúrsa (tá sé ag imeacht ar a ábhar féin); suim áirithe (ábhar airgid); sileadh i gcneá, angadh; duine a bhfuil tréith nó aidhm ar leith aige (ábhar dea-dhuine, ábhar sagairt); pas, beagán (tá sé ábhar daor)
pléadálaí cúise; duine díoltasach
áit a ndíoltar rudaí chun airgead a thógáil do chúis éigin
sástacht leat féin ar bheagán cúise
breithiúnas (breith a thabhairt ar chúis; Lá na Breithe)
cinneadh cúise i gcúirt; tuairim mheáite as fianaise
(le breitheamh nó cúirt) cinneadh cúise; dearbhú, fógairt
cén fáth, cén chúis, cad ina thaobh, cad mar gheall ar (cad chuige ar bhuail tú é?)
cúis le plé (go háirithe i gcúirt dlí)
cúis (cás dlí, cúirte); drochdhóigh (sa chás ina bhfuil sé); scéal (is bocht an cás é); ábhar imní (ní hé sin is cás liom; i gcás idir dhá chomhairle)
ceann nó ceann eile de phéire (déanfaidh ceachtar acu cúis)
ábhar milleáin, cúis (tú féin is ciontaí leis)
sa stair, turas Críostaithe chun an Tír Naofa a fháil ar ais ó na Mahamadaigh; gluaiseacht mhór ar mhaithe le haon dea-chúis
cúis a chur i leith duine nó an dlí a chur air
(le cúirt) an té a bhfuil an chúis curtha ina leith
an bealach nó an treo ina ngluaiseann rud, turas timpeall (cúrsa na gréine; tá a chúrsa rite); raon, réimse (cúrsa scoile, cúrsa staidéir); rud, ní (cúrsaí an tsaoil, cúrsaí airgid); cúis, cás (ní cúrsaí magaidh é); ócáid, uair (bhí mé ann cúrsa)
ábhar; substaint, mianach; cúis (damhna bróin)
is cúis le (ní mise faoi deara é ach Seán)
a bhaineann go pearsanta le duine (an rud is dílis duit); fíor, ceart (airgead dílis); seasmhach (dílis do chúis); ionúin, grámhar
duine atá dílis do dhuine nó do chúis go mór mór Aontachtaí antoisceach
prionsabal daingean (dlí an nádúir, dlí Dé); cód rialacha le tír a rialú (cuid acu ón bparlaimint agus cuid eile bunaithe ar chleachtas); caingean, cúis (dul chun dlí le duine); prionsabal eolaíochta (dlíthe na ceimice); gnáthnós imeachta nó iompair (dlí an mhargaidh)
ag imeacht ar fán; gan feidhm, gan mhaith (is fánach an obair agat í); neafaiseach, gan smaoineamh (sampla fánach); ócáideach, corr (ceathanna fánacha); suarach, gan tathag (is fánach an chúis a bhí leis); gan a bheith flúirseach (barra fánacha)
cúis, réasún, an bun atá le rud a dhéanamh
beartas fógraí, cruinnithe, óráidí etc. chun cúis speisialta éigin a chur chun cinn
beart gránna; éagóir cúis náire (is mór an feall é)
cur míshásaimh in iúl, casaoid, clamhsán; cúis ghearáin (cén gearán atá ort?)
an obair a bhíonn ar siúl ag duine de ghnáth (do ghnó a dhéanamh); feidhm, cás (gnó do dhochtúir é); obair thráchtála (gnó a chur ar bun); gá, riachtanas (tá gnó agam díot; níl gnó agam leis); cúis, cúram (déanamh do ghnó de rud a bheith agat); gnáthchúrsaí (gnóthaí an tsaoil); obair, déantús, cúram (gnóthaí Dé)
cúiseamh, cúis dlí a thabhairt chun cúirte
cúis le rud a dhéanamh nó gan a dhéanamh; pardún (gabh mo leithscéal); sampla bocht (de rud)(an leithscéal scine seo)
nach beag, a dhéanann cúis (is leor sin; ní leor dó é)
duine a fuair bás ar son a chreidimh; duine a d'fhulaing go cráite ar son cúise
cairdiúil, cneasta, cineálta (comharsa mhaith é); dea-iomprach (páistí maithe); den chineál ceart (talamh maith); sásúil, folláin (bia maith); fónta (peann maith); cumasach (oibrí maith); ceart, cóir (cúis mhaith); oiriúnach (lóistín maith); muiníneach (cuimhne mhaith); fabhrach, taitneamhach (scéala maith); mór, fiúntach (suim mhaith airgid); láidir, tréan (greasáil mhaith); (mar fhocal treisithe)(baile maith mór, anonn go maith sa bhliain)
bás ar son creidimh nó cúise; fulaingt chráite; taisí mairtírigh nó naoimh
mí-ádh; cúis trioblóide (tá an mífhortún ar na páistí sin)
rud nach bhfuil beo (nithe beaga le ceannach); cúrsa (os cionn gach uile ní); cúis tábhachta (ní ní liom é sin)
an uair (nuair a chuaigh sé isteach); toisc, óir (nuair is mar sin atá sé); cé, ainneoin, go (nuair a dhéanfadh focal amháin cúis)
pointe ama, am áirithe; cás nó teagmhas áirithe (rugadh air san ócáid); cúis, leithscéal (ócáid scannail); gnó, cúram (an ócáid a thug ann mé); feidhm, críoch (níl aon ócáid agam leis; rud a chur ó ócáid)
osna, cúis bhróin; osnaíl (ag gol is ag ochlán)
caill, cúis bhróin (is mór an phúir a bhás)
cumas intinne le teacht ar thuairimí, nó le rudaí a dhéanamh amach (a chiall is a réasún); ciall, tuiscint mhaith (éisteacht le réasún); fáth, cúis (ní raibh réasún ar bith aige leis)
beart a tharraingeodh náire i measc daoine eile; caint nó béadán a dhéanann dochar do cháil duine; cúis náire (is mór an scannal é)
cuntas stairiúil (scéal na hÉireann, mo bheatha); eachtra (scéal grinn); cuntas nó cur síos ar rud a tharla (scéal tubaisteach); nuacht (an bhfuil aon scéal nua agat?); cúrsa, cás (seo mar atá an scéal; sin scéal eile); cúis mhilleáin (maith an scéal thú)
diúltóir, duine a shéanann nó a thréigeann cúis etc.
tabhartas airgid nó maoine; suim airgid a thugtar chun cúise éigin (mar dhéirc nó ar mhaithe le páipéar, iris etc. a sheachadadh)
cúis, ócáid (siocair pheaca; cad é is siocair leis?); leithscéal (níl uaidh ach an tsiocair; an tsiocair scine seo)
láthair; socrú, bunú (suíomh scéil); cruthú (suíomh cúise)
cúis, cúrsa (tosca an tsaoil, an cháis); iarracht (tabhair isteach toisc uisce)