SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
tinneas cnámh a thagann ó shéideadh ailt
faoin aer (amuigh sa pháirc); gan a bheith istigh nó sa bhaile (tá fear an tí amuigh); i bhfad uait (amuigh ag bun na spéire); is faide amach (an balla amuigh); as áit, as alt (tá mo ghualainn amuigh); tagtha amach (tá na bláthanna amuigh); sa domhan (an rud is measa amuigh); gan íoc, le híoc fós (tá fiacha amuigh agam air); críochnaithe (tá an cluiche amuigh); gan oibriú (tá an talamh amuigh bán)
ón aird thiar; ón taobh thiar (tar aniar ó mo chúl); ó bheith sínte siar (d'éirigh sé aniar sa leaba); chugat féin (tá teacht aniar ionat)
ón áit thíos; ó íochtar tíre; ó áit íseal sa saol; tagtha ar barr talún (tá an geamhar aníos)
beannaíocht bhréige nach dtagann ach ó bhéal
eolas a thagann anuas chugainn ó bhéal go béal
labhairt i gcaoi go síltear nach ón gcainteoir féin atá an chaint ag teacht ach ó phuipéad, etc.
léarscáil farraige mar aon le cóstaí, taoidí, doimhneacha agus tanaíocha, agus baill chontúirteacha eile; cáipéis scríofa oifigiúil ina dtugtar cearta agus pribhléidí, go háirithe ceann a thagann ó cheann stáit nó ó rialtas (cairt baile, cairt cathrach)
(t céill in abairtí áirithe) meabhair, réasún, tuiscint don mhaith is don olc (ná caill do chiall); gnáthstaid aigne (ar meisce nó ar a chiall); tuiscint cheart (ó tháinig ciall dó); éirim (ciall do ghreann, don léann); brí (sa chiall atá leis an bhfocal); cúis, réasún (cad is ciall leis sin?)
cumann a thagann le chéile ó am go ham chun gnó áirithe a dhéanamh; an foirgneamh a dtagann siad le chéile ann, clubtheach
fíoch feirge; craos, cíocras (confadh ocrais, confadh chun feola); drochghalar inchinne a thagann ar mhadraí agus ar ainmhithe eile agus a thig leis an duine a thógáil uathu má bhaineann siad greim as
an ealaín nó an chumhacht a deirtear a thugann torthaí iontacha le cabhair ó fhórsaí an nádúir nó ó neacha neamhshaolta; aon tionchar gan mhíniú as a dtagann torthaí iontacha; aoibhneas, taitneamh (ceol a chuirfeadh draíocht ort); geasa (cibé draíocht a d'imir sí air)
seasamh suas (ó bheith sínte nó suite); teacht as an leaba; teacht aníos (éirí gréine); ardú (gaoth ag éirí); ard (éirí i mbóthar)
focal a chuireann béim ar an bhfocal a thagann roimhe agus a dhealaíonn ó rudaí eile é (é féin a rinne é; eadrainn féin atá sé; go deimhin féin); fiú amháin (mar sin féin; dá mbeadh bean féin aige)
cur ag fás, tosú ar fhás; socrú síos (fréamhú in áit; gaoth ag fréamhú ó dheas); teacht (ó)(fréamhú ó dhea-dhaoine)
eolas ar screamh an domhain agus ar na hathruithe a tháinig uirthi ó chianaimsir
foirm ghramadúil d'ainmfhocal a thagann faoi anáil focail eile agus a léiríonn tríd an bhfoirm sin an tionchar atá ag an bhfocal eile air nó an gaol atá eatarthu (teach an tsagairt, muintir na tíre, lucht leanúna, Sráid Uí Chonaill, trasna na Bóinne, timpeall na háite, ag ól dí)
briathar aitheantais nó aicmithe (is é féin atá ann; ní hé Brian é; dá mba mise thú; ní hionann iad; ní gorm atá sé; an cnoc is airde is é is fuaire; ní liomsa é; is amárach a thiocfaidh sé; ní go réidh a scar sé leis; ó d'imigh tú is ea a tharlaigh sé; ní den dream sin mé; an gloine é? is ea)
i dtreo (i leith na láimhe deise); i bhfabhar (i mo leith nó i m'éadan); thar ceann, ar son (paidir i leith na marbh); i muinín (dul i leith Dé); in aghaidh, i gcoinne (chuir sé bréag i mo leith); anseo, abhus, go dtí seo (tar i leith anseo; ó shin i leith)
daigh phéine a thagann ó thinneas goile
torann a thagann ar ais ó aill nó ó éadan balla nó ó chúl uaimhe
ainmhí a thagann ó asal is ó chapaill; duine ceanndána ciotrúnta
ag tosú ag (ó thús go deireadh; ón taobh eile anall); a thagann as (duine ó Thrá Lí); de (d'fhógair sé ón altóir é); idir (míle ó chéile, i bhfad ón áit); ag teacht as (teas ón tine; cabhair ó Dhia); foinse (ó chroí nó ó bhéal; ná creid uaidh é); fáth, cúis (sáraithe ón lá, buí ó theas na gréine); díth (airím uaim é); gá (cad tá uait); leanúnachas (ó lá go lá, ó cheann ceann na tíre); ón uair a (ó bhí tú anseo cheana); mar gheall ar (ó tharla gur mar sin atá; ós agat atá an ceart) ó + an = ón; ó + a4 = óna; ó + is = ós; ó + ar3 = ónar; ó + ár2 = ónár
gléas de níolón mín a osclaíonn ar nós scáth fearthainne le go dtig le duine nó rud tuirlingt go sábháilte ó eitleán
éan dea-dhathach gleoite ó na tíortha teo. Coinnítear mar pheataí iad agus tig leo aithris a dhéanamh ar chaint an duine
gathach, a scaipeann teas nó solais ina ghathanna; eagraithe ina ghathanna nó ina spící agus iad ag teacht ó aon lárphointe amháin
cur ó chéile, imeacht ó chéile, deighilt, dealú (lánúin a scaradh; do chosa a scaradh); leathadh (féar, móin, a scaradh); éirí as nó teacht as (scaradh leis an ól; is maith a scar tú leis)
uaim, áit a dtagann dhá phíosa nó níos mó de rud le chéile (siúntaí loinge); scoilt, méirscre
lán le ciall a thagann ó chleachtadh agus ó oideachas; gan a bheith sásta feasta le rudaí simplí nádúrtha; nua-aimseartha
torann a thagann as an scornach le linn codlata ó bheith ag análú tríd an mbéal agus tríd an tsrón
teacht slán; bisiú, teacht chugat féin; filleadh (téarnamh ó thuras); druidim le (ag téarnamh chun baile, ar am luí); teacht (ar an saol); teacht chun deiridh, bású (ó théarnaigh uainn an buachaill beo)
teacht anuas nó bualadh ar an talamh; tabhairt uaidh (ag titim as a sheasamh); teacht anuas (fearthainn ag titim); ísliú (an ghrian ag titim siar; dá mbeadh praghsanna ag titim); maolú (an ghaoth ag titim); teip (thit sé go mór le bliain; titim siar, ar gcúl); bású (thit na mílte sa chath)
béasa, gnásanna etc., a thagann anuas ó ghlúin go glúin
ó thaobh amháin to taobh eile (dul trasna na habhann, na sráide); crosta (teacht trasna ar dhuine); leithead (cuir isteach ar a thrasna é; tá sé dhá throigh ar a thrasna)
ó thaobh taobh, ó cheann ceann (ag gabháil trí Thrá Lí; dul tríd an liosta); polladh, réabadh (chuaigh an chaint trí mo chroí; ag teacht aníos tríd an talamh); ar fud (ag siúl tríd an aonach; tá an teach trí thine); measctha le (cuir ola tríd); ar feadh (tríd an oíche, tríd an stoirm ar fad); mar gheall ar (trí dhearmad a tharla sé)
fuaim chreathánach i nguth nó i gceol (a thagann trí léim go tobann ó nóta amháin go nóta eile agus ar ais arís)
droichead agus cainéal ann chun uisce a iompar ó thar ghleann; píobán nó canáil le huisce a iompar ó áit go háit
(leis an ngrian) dorchú an tsolais uaithi nuair a thagann an ghealach idir í agus an domhan; (leis an ngealach) dorchú an tsolais uaithi nuair a thiteann scáth an domhain uirthi; maolú ar fhuaimeanna tosaigh focal i gcásanna áirithe (mar shampla, an bhfuil? ar an gclaí, ar an mballa; toil na ndaoine; i dteagmháil leis)