SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
na deora a thagann amach tríd an gcraiceann le teas nó le saothar
teacht tríd an gcuid is dainséaraí de ghalar
bóthar nó slí; cúrsa le leanúint (bealach aeir, ar bhealach do leasa); áit le dul tríd (bealach isteach); treo (tar an bealach seo); fad slí (i rith an bhealaigh); dóigh, modh (tá a bhealach féin leis)
fios a fháil le teagmháil méar (cuisle a bhrath); fios ruda a fháil trí na céadfaí (bhraith sé ag teacht iad); féachaint (ag brath na tíre); spiaireacht a dhéanamh ar (duine a bhrath); cuimhneamh, smaoineamh (bhí mé ag brath imeacht); súil a bheith agat le rud (ag brath leis, ag brath ar a fháil); do sheasamh a bheith ar dhuine nó ar rud (ag brath ar an déirc; ná bí ag brath ormsa)
cabhsa nó cosán trí bhogach nó thar dhíog nó abhainn
sealbhú, aimsiú (faigh do chóta agus bí liom); gnóthú (gheobhaidh sé an lámh uachtair ort); soláthar (fuair mé an dochtúir dó); dul trí, fulaingt (má fhaighim scanradh; fuair sí bás; náire a fháil); teacht ar (fuair sí airgead caillte); éirí (bhí an oíche ag fáil dorcha); teacht ar fhios nó ar eolas (fuair mé amach nach é a rinne é); bheith ábalta (ní bhfaighinn a leithéid a rá leat); soláthar, sroicheadh (níl fáil ar a leithéid; níl sé ar fáil, le fáil, go héasca)
éadach a dhéanamh ar sheol trí shnáitheanna a chur trasna thar a chéile; (le scéal etc.) cumadh, cur le chéile
foirm ghramadúil d'ainmfhocal a thagann faoi anáil focail eile agus a léiríonn tríd an bhfoirm sin an tionchar atá ag an bhfocal eile air nó an gaol atá eatarthu (teach an tsagairt, muintir na tíre, lucht leanúna, Sráid Uí Chonaill, trasna na Bóinne, timpeall na háite, ag ól dí)
níos mó dá bharr (is móide a meas air go seasann sé leo); dócha (ní móide go dtiocfaidh siad anois); plus (a dó móide a trí = a cúig)
fíor sholadach a bhfuil triantán mar bhonn agus mar thrí thaobh uirthi agus í ag teacht chun pointe ag a barr; aon fhoirgneamh den déantús seo, go háirithe na cinn a tógadh fadó san Éigipt timpeall ar thuamaí
an banda dathanna atá sa bhogha báistí nó a thagann as solas geal a bhriseadh suas ar a ghabháil trí phriosma gloine
dhá cheann téide a shnaidhmeadh leis na duail a chur trí agus thar a chéile; dhá phíosa adhmaid a ghreamú le chéile le rádalú a dhéanamh ar a dhá gceann
torann a thagann as an scornach le linn codlata ó bheith ag análú tríd an mbéal agus tríd an tsrón
píosaí miotail a thagann tríd an aer as pléascán nó as buama
ag teacht tríd an tsrón (labhairt go srónach); fiosrach; drochmheasúil
meascadh, croitheadh (moirtéal a shuaitheadh); fuineadh (taos a shuaitheadh); searradh, aclú (matáin, géaga, a shuaitheadh); traochadh, tuirsiú (bheith suaite tar éis an lae); cur trí chéile, corraí (aigne shuaite; tá an fharraige suaite); cíoradh, plé (ag suaitheadh na ceiste)
galar tromchúiseach (glas fiacla) a chuireann glas ar mhatáin an ghéill, agus a thagann de bharr frídín a theacht isteach sa sruth fola trí chneá
iompú talún le céachta; dul chun cinn (long ag treabhadh na farraige; bím ag treabhadh liom); oibriú (níl siad ag treabhadh le cheile; tá sé chun treafa arís); teacht trí (ní threabhfaidh sé an oíche)
ó thaobh taobh, ó cheann ceann (ag gabháil trí Thrá Lí; dul tríd an liosta); polladh, réabadh (chuaigh an chaint trí mo chroí; ag teacht aníos tríd an talamh); ar fud (ag siúl tríd an aonach; tá an teach trí thine); measctha le (cuir ola tríd); ar feadh (tríd an oíche, tríd an stoirm ar fad); mar gheall ar (trí dhearmad a tharla sé)
fuaim chreathánach i nguth nó i gceol (a thagann trí léim go tobann ó nóta amháin go nóta eile agus ar ais arís)