SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
ón áit thuas; íslithe (tá luach an stoic anuas); i dtagairt (ní mise a tharraing a ainm anuas); ar bharr (cuir éadach anuas air); sa mhullach (tá m'athair anuas orm)
stoitheadh (fiacail a bhaint amach); tobhach (fiacha a bhaint amach); tarraingt (gáire a bhaint amach); tuilleamh, fáil (clú a bhaint amach); sroicheadh (an baile a bhaint amach)
tarraingt de dhorn nó d'arm ar dhuine nó ar rud; tarraingt speile in arbhar; tarraingt rámha in uisce; iarracht snámha; preabadh croí nó cuisle; bualadh cloig (ar bhuille a haon); caill, dochar (is mór an buille orthu é)
feithicil ar dhéanamh carráiste á tarraingt ag capaill; carráiste traenach; bus le haghaidh turas fada
cur i gcúb; lúbadh (bata a chúbadh); tarraingt siar nó chugat (cúb chugat do chosa)
ceilt i gcluiche cártaí; tarraingt faoi cheilt as airgead
tuisceanach; cúramach gan aon ní a rá a tharraingeodh trioblóid; rúnmhar
a dhéanamh dlúth; brú, fáscadh, tarraingt ar a chéile
comhla, geata, clúid etc. a tharraingt ar rud, iamh; tarraingt le chéile, fáscadh (casóg a dhúnadh); clabhsúr, bailchríoch (dúnadh dáin); líonadh (poll a dhúnadh; dhún an ceo isteach orainn)
feithicil á tarraingt ag feithicil eile
deacracht le tarraingt anála; buille saothair; asma
fórsa na tarraingthe i dtreo an domhain, nó idir chorpáin eile na spéire, a bhraitheann ar an achar atá siad ó chéile
tarraingt i dtreo taoibh amháin
tarraingt le línte; pictiúr a dhéanfaí le peann nó le peann luaidhe
tarraingt le línte; líníocht
éirí lom nó a dheanamh lom, struipeáil, nochtadh, bearradh; ciorrú, tarraingt isteach (seol a lomadh)
taoide lag nuair nach mbíonn an ghealach agus an ghrian ag tarraingt le chéile in aon treo ar an bhfarraige (Malairt é seo ar rabharta)
anáil á tarraingt go trom le tuirse nó brón
mórshiúl daoine agus iad in éide uaireanta; trúpaí tarraingthe suas in ord iniúchta nó gleacaíochta
tarraingt airgid as banc nach bhfuil ina chuntas ag duine
aon ní atá marcáilte go rialta agus a úsaidtear mar chaighdeán tomhais (mar shampla, teirmiméadar); sraith nótaí ceoil ag éirí nó ag titim agus áirithe thomhaiste eatarthu; toisí pictiúir, cuspa, plean, etc., tarraingthe i gcoibhneas leis an rud féin (mar shampla, cuspa d'fhoirgneamh ar scála, mapa tarraingthe ar scála 1" in aghaidh an mhíle)
beart a tharraingeodh náire i measc daoine eile; caint nó béadán a dhéanann dochar do cháil duine; cúis náire (is mór an scannal é)
samhail chomh háibhéalach sin de dhuine go dtugann sí cosúlacht ait nó mhagúil air (mar shampla, srón mhór ar dhuine agus í tarraingthe mar ghob mór)
gearradh, teascadh; briseadh (greim a scoitheadh); baint, tarraingt (ancaire a scoitheadh); cailleadh (scoith an capall crú); sarú (duine a scoitheadh i rás); scaradh, deighilt (tú féin a scoitheadh ón saol)
tarraingt ar rud le rud garbh nó géar (agus rian a fhágáil air); cuimilt (bád ag scríobadh an ghrinnill; scríob sé an mheirg de); tochas (bhí sé á scríobadh féin)
lúb reatha ar cheann rópa nó corda agus nach gá ach tarraingt a bhaint aisti chun í a fháscadh; fáinne; leicneán
spágáil, tarraingt na gcos
snáth a dhéanamh as olann, cadás etc. trína tharraingt agus a chasadh; casadh, fí (gad a shníomh); tarraingt, strus, teannadh (sníomh droma); imní (sníomh croí)
baint nó tarraingt le fórsa (shrac siad an t-éadach de; shrac an bád an t-ancaire); fadhbáil (táimid ag sracadh linn); babhta, tamall (sracadh breá codlata); neart, fuinneamh (fear a bhfuil sracadh ann)
sracadh as a chéile; tarraingt i do dhiaidh; streachailt, strácáil
sracadh, tarraingt; strácáil, streachailt (sraonadh chun cinn; má shraonann sé go maidin); claonadh (solas a shraonadh)
tarraingt stríoc nó línte (ar rud); scríobadh
codanna beaga a dhéanamh (de rud) (stróic sé ina dhá leath, ina phíosaí, é); tarraingt le fórsa, sracadh (stróic mé aníos as an talamh iad; ag stróiceadh a chuid gruaige); strácáil (tá sé ag stróiceadh leis); spalpadh (ag stróiceadh eascainí); stráice (stróiceadh mór oibre)
tógáil nó tarraingt isteach (uisce, teas, a shú; shúigh an talamh é)
druidim le, tarraingt ar; tacú le (thaobhaigh sé leis, lena thuairim); luí isteach le (ag taobhú leis an ól); dul in iontaoibh (thaobhaigh sé a rún léi); tathant, áitiú (thaobhaigh sé liom gan é a dhéanamh)
tarraingt; bailiú isteach; trácht, éileamh (is orthu a bhí an tarlú)
sracadh chugat nó leat (rópa, cairt, a tharraingt; tarraing suas do bhríste ort); iompar (ag tarraingt cloch, móna); piocadh (clúmh, olann, a tharraingt); baint (fiacail a tharraingt); tógáil (ag tarraingt piontaí, fíona; ticéad, cárta, a tharraingt); fáil (pá, pinsean, a tharraingt); sú (anáil a tharraingt; doras ag tarraingt gaoithe; bád ag tarraingt uisce; píopa a tharraingt); rianú, gearradh (líne, léarscáil, a tharraingt); tabhairt, tógáil (trioblóid a tharraingt; tharraing scéal scéal eile); gabháil (ag tarraingt thar toinn; tarraing isteach chun an bhoird); lua (scéal a tharraingt anuas, a tharraingt ort); cur ceangailte i (ná tarraing d'athair orainn); bualadh (tharraing sé cic air); druidim le (tá sé ag tarraingt ar an mbaile, ag tarraingt ar an Nollaig); mealladh (tá tarraingt súl inti; eolas a tharraingt as duine); aontú, comhoibriú (tá siad ag tarraingt go maith le chéile); cúlú (tarraingt siar as rud); teacht, fáil (tá tarraingt ar airgead aige); slogóg (d'ól sé a tarraingt a chinn de); síneadh (bain tarraingt as)
comórtas idir dhá fhoireann ag tarraingt i gcoinne a chéile ar dhá cheann téide
lom, caite, snoite; tarraingt déanta air
tarraingthe amach, rite, fáiscthe go docht (téad theann; fáisc go teann é); séidte crua (lamhnán, úth, teann); láidir, stóinsithe (fear teann téagartha; creideamh teann); dána, tiarnúil (is teann madra ar a thairseach féin); go maith as (feirmeoir teann); fórsúil, muiníneach (labhairt go teann); dian (ná bí teann air; ag obair go teann)
éirí tirim nó a dhéanamh tirim; éirí crua sa bholg; (le duine) stopadh de bheith ag caint; (le bád) tarraingt aníos ar thalamh tirim; (le hiasc) teacht i dtír
a tharraingeodh tuirse, a chuirfeadh tuirse ar dhuine (obair, caint, thuirsiúil)