Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: géagaigh · galraigh · gargaigh · gealaigh · gearraigh
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
géaraigh, v.t. & i. Sharpen. 1. (a)Uirlis a ghéarú, to sharpen an instrument. (b)Tá a cheannaithe ag géarú leis an aois, his features are becoming sharper with age. 2. Fána a ghéarú, to steepen a declivity. Tá an cnoc ag géarú orainn, the hill is getting stiffer against us. 3. Dathanna a ghéarú, to bring out colours. 4. (a)Gaoth ag géarú, wind freshening. Tá sé ag géarú chun gála, it is rising to gale force. (b)Pian ag géarú, pain intensifying. Ghéaraigh ar na harraingeacha, the pangs grew worse. (c)Tine a ghéarú, to make a fire give out more heat. (d)Fuaim ag géarú, sound becoming sharper, more piercing. Tá a glór ag géarú, her voice is getting shriller. (e)Teanga ag géarú, tongue getting sharper, more sarcastic. Géarú ar dhuine, to speak sharply to s.o. 5. (a)Úlla a ghéarú, to ferment apples. Cáis a ghéarú, to sharpen cheese. Bainne ag géarú, milk turning sour. Ithir ag géarú, soil becoming acid. (b)Goile a ghéarú, to whet an appetite. 6. (a)Do shúile a ghéarú, to sharpen one’s eyes, keep a sharper look out. Do chluas a ghéarú, to listen more intently. (b)D’intinn a ghéarú, to sharpen one’s wits. 7. (a)Do choiscéim a ghéarú, to quicken one’s step. Géarú ar shiúl, to increase speed. Tá siad ag géarú orainn, they are catching up on us. (b)Buillí a ghéarú, to sharpen blows. Achrann a ghéarú, to aggravate a quarrel. Tá siad ag géarú na madraí chun a chéile, they are inciting the dogs against each other. 8. Capall a ghéarú, to rough a horse’s shoes.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
ABAIRTÍ IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
Géarú, fadú, ar do choiscéim, to hurry, lengthen, one’s footsteps; to step it out.
Géarú ar an g~, to increase one’s pace.
Do chosa a ghéarú, a mhoilliú, to quicken, slacken, one’s pace.
~ lainne, the sharpening of a blade.
~ gaoithe, freshening of wind.
~ datha, heightening of colour.
~ péine, intensifying of pain.
~ achrainn, aggravation of dispute.
~ goile, whetting of appetite.
Tá ~ ar an mbainne, the milk has turned sour.
~ siúil, increase of speed.
~ buille, sharpening of blow, of stroke.
Déan ~ beag, hurry on a bit.
5. ~ capaill, roughing of horse’s shoes.
Géarú, maolú, luais, increase, decrease, in speed.
~ géaraithe, teirminealach, uilleach, accelerated, terminal, angular, velocity.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht