Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: gear · éar · gar · géarú · éag
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
géar1, m. (gs. géir, npl. ~a, gpl. ~). 1. Sharp object. 2. Mus: Sharp.
géar2, a1. Sharp. 1. (a) With fine edge or point. Scian ghéar, sharp knife. Snáthaid ghéar, sharp needle. Barr ~, sharp point. Droim ~, sharp ridge. (b) (Painful to touch) Cloch ghéar, sharp stone. Coinleach, dealg, ghéar, sharp stubble, thorn. Gairbhéal ~, gritty gravel. (c) (Of thin features) Aghaidh ghéar, sharp face. 2. Angular, steep, abrupt. Uillinn ghéar, acute angle. Coradh ~, sharp turn. Mala, aill, ghéar, steep slope, cliff. Tá fána ghéar sa bhóthar, there is a sharp dip in the road. 3. (a) Keen, biting. Gaoth ghéar, sharp wind. Siocán ~, sharp frost. (b) Severe, painful. Pian ghéar, sharp pain. Fiabhras ~, sharp fever. In anacair ghéar, in sore distress. An rud is giorra don chroí is é is géire, what touches the heart wounds most. (c) Brilliant, intense. Solas ~, sharp light. Bladhm ghéar, intense flash. Dath ~, harsh, acid, colour. Tine ghéar, fierce fire. (d) Piercing, shrill. Blosc ~, sharp report. Guth ~, sharp voice. Fead, scread, ghéar, shrill whistle, scream. (e) Cutting, sarcastic. Teanga ghéar, sharp tongue. Focal, freagra, ~, cutting remark, retort. Achasán ~, sharp rebuke. Bheith ~ le duine, to be severe with s.o. 4. (a) Acid, sour, pungent. Blas, boladh, ~, sharp taste, smell. Fíon ~, dry wine. Bainne ~, sour milk. Purgóid ghéar, harsh purgative. Tá an chré róghéar, there is too much acid in the soil. (b) Keen, hungry. Goile ~, keen appetite. 5. (Of senses, mind) (a) Keen, intent. Súil, cluas, ghéar, sharp eye, ear. Súil ghéar a choinneáil ar rud, to keep a sharp eye on sth. Cluas ghéar a thabhairt do dhuine, to listen intently to s.o. Tá amharc ~ aige, he has keen sight. Amharc go ~ ar dhuine, to look sharply at s.o. (b) Intellectually acute. Intinn ghéar, penetrating mind. Intleacht ghéar, keen intellect. Tá sé ~ (san intinn), he is sharp(-witted). ~ grinn, keen and incisive. 6. (a) Brisk, quick. Siúl, rith, ~, sharp walk, run. Tá sé ~ ar a choiscéim, he steps it out smartly. Siúil go ~ gasta, walk quickly and smartly. Chomh luath ~ is a tháinig sé, as soon as ever he came. Chomh tiubh ~ is a thig leat, as fast as ever you can. (b) Keenly contested. Troid ghéar, sharp fight. Coimhlint ghéar, keen contest. Cath, ionsaí, ~, sharp battle, encounter. Tá siad ~ ar a chéile sa rás, they are contesting the race keenly. (c) Close. ~ ar a lorg, close on his tracks. ~ ar an ngaoth, close to the wind. Dul ~ ar an gcúinne, to cut the corner. Chuaigh tú ~ go maith air, you went rather near it. (d) Trying. Is ~ a chuaigh an obair orainn, we were hard pressed to do the work. Rachaidh sé ~ go maith orm, it will test me severely; it will leave me no time to spare. 7. (a) Artful, tricky. Ceannaí ~, sharp buyer. Gníomh ~, unscrupulous deed. Chuir sé cárta ~ liom, he gave me a tricky card to beat. (b) Petty, mean. Is ~ a roinn tú é, you divided it rather thinly. Is ~ a thomhais sí an bia linn, she rationed the food severely among us. 8. Mus: Sharp.
géar3 = géaraigh.
géar4 = aer3.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
ABAIRTÍ IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
A ghéire a labhair sí, how sharply she spoke.
An ghaoth ghéar ~, the sharp-biting wind.
Thug sé ~ géar orm, he gave me a sharp look.
~ géar, faobhair, sharp, edged, weapon.
Tá siad géar as a mbarr, they are sharp at the top.
~ géar, sour milk.
~ mhilis, ghéar, sweet, sour, buttermilk.
~ cumhra, géar, gránna, fragrant, pungent, nasty, smell.
~ mhall, ghéar, bhriste, slow, sharp, broken, speech.
Tá ~ ghéar, ~ easóige, aige, he has sharp ears.
D’imigh sé an méid, chomh géar is, a bhí ina chosa, he made off as fast as his legs could carry him.
Dá ghéire an scian ní ghearrfaidh sí iad, sharp as the knife is it will not cut them.
Bhí scian agam, de scian bheag ghéar, I had a knife, a little sharp knife.
~ géar, arris.
~ (cráite, dóite, géar)! Woe is me!
An scian is géire ~adh sí, it is war to the knife.
~ géar, dry wine.
An ~ maith, géar, feirge, magaidh, good, sharp, angry, mocking, words.
An rud is giorra is géire, brevity is the soul of wit. (Intensifying)
~ talún, Cut, strip. of land.
Sceana géara ~a, sharp shining knives.
Tá ~ géar, nimhneach, uirthi, she has a sharp, a severe, expression (about the mouth).
~ ghéar, chliste, sharp, shrewd, thrust.
~ géar-roscach, sharp-eyed and observant.
Géire agus ~, sharpness and acumen.
Imeacht de shiúl géar, de rúid, to go off at a sharp pace, at a run.
Bhí siúl géar linn, we were going at a sharp pace.
Tá casadh géar chun an chladaigh leis, it takes a sharp turn towards the shore.
Mo ~! Mo ~ géar! Woe is me!
Chomh ~ géar is a tháinig sé, as soon as ever he came.
Bheith ar do mhine ghéire, to be on the qui vive.
Coinnigh ar a mhine ghéire é, keep him on the jump.
~ géar! My bitter woe!
Is géar an ~ atá air, he is in great extremity.
~ géar gaoithe, sharp blast of wind.
Bhí ~ géar fúthu, they were going at a fast pace.
~ ghéar, pointed chin.
Tá sé chomh géar le ~, he is extremely sharp-witted.
~ géar, folamh, intense, vacant, stare.
~ ghéar, ghrinn, sharp, keen, eye.
Tháinig blas géar ar an leann, the ale turned sour.
~ aibí, ghéar, líofa, ready, sharp, fluent, tongue.
Is géar a chuaigh an saol leo, they had a severe struggle in life.
Chomh ~ (géar, te) is a thig leat, as fast as ever you can.
~ bainne ghéir, thick sour milk.
1. ~ milis, géar, eating-, cooking-, apple.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht