Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: cod · coed · col · cola · cole
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for cold »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
cold1, a. Fuar. 1 a Cold steel, arm m faobhair. Com: Cold storage, fuarstóráil f. Cold store, stór fuar. Drink it cold, ól as a fhuaire é. Cold meat, (i) feoil fhuar; (ii) feoil reoite. Cold pig, steall dhúisithe. To give s.o. the cold shoulder, an tsúil a dhúnadh ar dhuine. b To be cold, to feel cold, a bheith fuar; aireachtáil fuar. My feet are as cold as ice, tá mo chosa préachta, dealraithe. 2 A cold reception, fáilte dhoicheallach. To be cold with s.o., a bheith doicheallach le duine. F: That leaves me cold, is beag mo shuim ansin. 3 Cold-pressed beef, mairteoil fhuarbhruite. Cold rivetting, fuarsheamú m.   coldly, adv. Go fuar, go doicheallach.
cold2, s. 1 Fuacht m -a. Cold wave, fuaraíocht f. F: To leave s.o. out in the cold, neamhshuim f a dhéanamh de dhuine; cúl na láimhe a thabhairt do dhuine. 2 Med: Slaghdán m, I have a cold, tá slaghdán orm. Cold in the head, slaghdán sa cheann, slaghdán smaoiseach. You will catch your death of cold, tolgfaidh tú galar do bháis as an bhfuacht sin.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
A bad cold, drochshlaghdán m.
Bathe your face in cold water, cuir uisce fuar ar d'aghaidh.
(Emphatically) Isn't it very cold, nach é atá fuar!, (Yes), it is, , is é.
It is cold, tá sé fuar.
How is your cold?, cén chaoi a bhfuil tú ón slaghdán?
I am wearing a coat because it is cold, tá cóta orm mar tá, mar go bhfuil, sé fuar.
It is becoming cold, tá sé ag iompú fuar.
His blood ran cold, d'éirigh a chuid fola fuar.
To commit a crime in cold blood, coir a dhéanamh go fuarchúiseach.
Warm-, cold-blooded animals, ainmhithe a bhfuil fuil the, fuil fhuar, iontu. S.a. COLD-BLOODED, ETC.
(On menu) Cold buffet, béile m fuar.
Cold on the chest, chest cold, slaghdán m cliabhraigh.
A cold-blooded person, fuaránach m;
F: Cold collation, roisín m fuar.
That is cold comfort, is suarach an sólás é sin.
It was confoundedly cold, bhí an diabhal air le fuacht.
It was deadly cold, bhí sé chomh fuar leis an éag, bhí fuacht nimhneach ann.
To have a disposition to catch cold, bheith tograch do shlaghdán.
She felt her feet to be stone cold, mhothaigh sí a cosa chomh fuar le leac oighir.
To feel the heat, the cold, an teas, an fuacht, a mhothú.
Pred.I feel cold, tired, etc., mothaím, airím, fuar, tuirseach, etc.; tá fuacht, tuirse, etc., orm.
I was trying to fight off a cold, bhí mé ag iarraidh gan ligean don slaghdán greim a fháil orm.
He had, got, cold feet, theip an misneach air.
Good for a cold, go maith chuig slaghdán.
This cold goes right through me, tá an fuacht seo ag dul go cnámh ionam.
I have a cold hanging about me, tá slaghdán orm atá ag greamú dom.
Heavy cold, drochshlaghdán.
To blow hot and cold, bheith go luaimneach; bheith liom leat.
He went hot and cold all over, chuir sé creatha fuachta agus fiabhrais de féin.
This room is icy cold, phréachfadh an seomra seo na feannóga.
Pleasant weather, if rather cold, aimsir dheas í, ach é bheith buille fuar.
I was knocked up with a cold, bhí mé buailte síos le slaghdán.
Liable to catch cold, tograch d'fhuacht.
I don't mind the cold, ní ghoilleann an fuacht orm.
The cold mottles the skin, cuireann an fuacht baill dhaite ar an gcraiceann.
One cold day early in March, lá fuar i dtús an Mhárta
F: I'm perished with the cold, tá mé préachta leis an bhfuacht.
To be perished with the cold, a bheith préachta, cunáilte, leis an bhfuacht.
The prevailing cold, an fuacht síoraí seo.
(Of pers.) He is sensitive to cold, goilleann an fuacht air.
Cold set, fuarshiséal m gabha.
The cold was severe, bhí fuacht polltach ann.
To shake off a cold, biseach a fháil ó shlaghdán; scaradh le slaghdán.
It sent cold shivers down my back, chuir sé creatha fuachta orm.
To shiver (with cold), bheith ar crith le fuacht.
Cold snap, tamall m fuachta.
A long spell of cold weather, seal fada d'aimsir fhuar.
During the cold spell, le linn an fhuachta.
Cold spread, béile fuar.
To stand cold, an fuacht a fhulaingt.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News