EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
fell1, s. 1 Craiceann m (ainmhí). 2 Lomra m.
fell2, s. 1 Sliabh m carraigeach. 2 pl. Fells, arda mpl.
fell3, v.tr. Treascraím, leagaim.
fell4, a.Lit: 1 Fíochmhar, éadrócaireach. 2 (Of thg.) Marfach millteach. Fell disease, galar marfach. Fell design, rún m fill.
fell5, v.tr.Dressm: Fáithimím.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The missile fell short of its aim, níor shroich an t-urchar ceann sprice.
I all but fell, dóbair dom titim.
He almost fell, dóbair dó titim, is beag nár thit sé.
They fell into an ambush, rugadh orthu in oirchill.
He fell asleep, thit sé ina chodladh, thit a chodladh air.
He fell on his back, thit sé ar chúl a chinn.
He fell backwards, thit sé siar ar chúl a chinn.
Blows fell thick and fast, bhí na buillí dá mbualadh go tiubh téirimeach.
I had a crawly felling, chuaigh drithlíní liom (le fuacht, faitíos).
The house fell into disrepair, chuaigh an teach chun raice.
It fell into disuse, ligeadh i léig, as taithí, é.
He fell down, thit sé as a sheasamh.
John rose, fell, in my esteem, mhéadaigh, laghdaigh, ar an meas a bhí ar Sheán agam.
A: It fell out even as he had foretold, tharla díreach mar a bhí ráite roimh ré aige.
He fell short of my expectations, loic sé orm, ní raibh sé chomh maith is bhí súil agam a bheadh sé.
He fell on his face, thit sé ar a bhéal.
He fell on his feet, (i) tháinig sé anuas ar a chosa; (ii) bhí an t-ádh ina chaipín.
He fell into a trap, rugadh i sáinn air, thit sé i ngaiste.
He fell into enemy hands, ghabh an namhaid é.
His hair fell over his shoulders, bhí a chuid gruaige anuas thar a ghuaillí.
He fell full length, síneadh ó sháil go rinn é.
When Drogheda fell, nuair a gabhadh Droichead Átha.
Her eyes fell, chúb a súile.
His face fell, tháinig dreach díomách air.
A sound fell (up)on my ear, bhuail fuaim mo chluasa.
She fell upon his neck, chaith sí a dhá láimh timpeall ar a mhuineál.
He fell upon his food, luigh sé isteach ar a bhéile (le hairc).
It fell to her share, thit sé uirthi.
It fell to me to . . ., ar mo cheannsa a thit sé . . .
He fell under suspicion, luigh amhras air.
He fell on evil days, chas an roth tuathal air.
I soon fell into their ways, ba ghearr gur éiríos cleachta ar a nósanna.
He fell sick, buaileadh tinn é.
(Of post) It fell vacant, tharla dó a bheith folamh.
He fell a victim to drink, fuair an t-ól an lámh in uachtar air.
He fell for the trick, mealladh leis an gcleas é.
His hat fell off, thit a hata dhe.
They fell out, d'éirigh eatarthu.
Things fell out well, tharla deireadh maith ar na cúrsaí.
It (so) fell out that . . ., (is amhlaidh a) tharla gur . . .
He fell over the stone, leag an chloch é.
He fell out of favour with the people, chaill sé gnaoi na ndaoine.
He fell head first, thit sé i ndiaidh a chinn.
She fell into a fit, tháinig taom uirthi.
He fell flat on his face, síneadh ar a bhéal é.
He fell flat on his back, thit sé ar fhleasc, shlat, a dhroma.
F: It fell flat (of joke, etc.), d'imigh sé gan éifeacht; (of play) theip air.
He fell flop, thit sé ina phleist.
F: He fell foul of the law, rug an dlí air; tháinig sé salach ar an dlí.
They fell foul of each other, d'éirigh (achrann) eatarthu.