Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: fend · fid · fiend · fin · fine
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for find »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
find1, s. 1 Fionnachtain f -ana; fríth m. 2 Éadáil f, amhantar m.
find2, v.tr. Faighim. 1 a Faighim. It is found everywhere, faightear i ngach áit é. He found some difficulty in doing it, chuaigh sé roinnt deacair air, leis, é a dhéanamh. b Leave it as you found it, fág é mar a fuairis romhat é. I found nobody at home, ní raibh aon duine istigh romham. I found myself crying, bhris an gol orm gan fhios dom féin. 2 (By searching) Faighim, aimsím. a The (lost) key was found, fuarthas, thángthas ar, an eochair (a bhí caillte). To try to find something, rud a chuardach. I managed to find the house, d'éirigh liom an teach a fháil. I went to find a doctor, chuas ag lorg dochtúra. He is not to be found, níl aon fháil air. To find a leak in a pipe, an áit ina bhfuil píopa ag ligean a aimsiú. He found his way home, mheabhraigh sé a bhealach abhaile. I can't find time to . .., níl aon aga agam chun . . ., ní féidir liom faill a fháil chun... To find courage to do sth., é a bheith de mhisneach agat rud a dhéanamh. I could not find it in my heart to do it, ní ligfeadh mo chroí dhom é a dhéanamh. To find oneself, tú féin a thuiscint. b Abs.Ven: To find, dúisím seilg. 3 a (Perceive, establish a fact) I find that I was mistaken, aithním go raibh dearmad orm. It has been found that . . ., tá faighte amach go . . . I found she had left the house, fuaireas go raibh an teach fágtha aici. I found myself growing tired, d'airíos mé féin ag éirí tuirseach. I find it is time to go, tugaim faoi deara go bhfuil sé in am imeachta. This letter, I find, arrived yesterday, feicim gur inné a tháinig an litir seo. b They will find it easy, tiocfaidh sé go bog leo. I find it impossible to read it, téann díom é a léamh. I find it difficult to come in the morning, is deacair dom teacht ar maidin. I find his conversation difficult, is deacair liom a chuid cainte. I find it does not pay, is é m'aithne air nach mbíonn aon rath air. I find him undependable, an taithí atá agamsa air nach féidir bheith ag brath air. 4 Jur: a To find s.o. guilty, breith chiontach a thabhairt ar dhuine. The judge found him guilty, thug an breitheamh ciontach é. b Tugaim breith. To find for s.o., breith a thabhairt i bhfabhar duine. 5 a To find the money for an undertaking, airgead a sholáthar, a chur ar fáil, do ghnó (áirithe). b Wages £20 all found, tuarastal £20 agus cothú. To find oneself, soláthar duit féin. He finds himself in clothes, air féin atá ceannach a chuid éadaigh.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He found his own account in it, chuaigh sé ar sochar dó.
I actually found the door open! an é do bharúil nach raibh an doras oscailte romham!
I can find no one adequate to the task, níl aon duine agam a thiocfadh aníos leis an tasc.
I found him greatly aged, chonacthas dom go raibh an aois tite go mór air.
I could find no answer to it, ní raibh freagra ar bith agam le tabhairt air.
He hadn't any fault to find with it, ní raibh lá lochta aige air.
It was not to be found, ní raibh sé le fáil, ní raibh aon fháil air,
To find, to get, one's bearings, teacht ar an eolas.
You will find no better hotel, ní bhfaighidh tú a bhualadh, a shárú, mar theach aíochta.
To find a true bill against s.o., glacadh le bille díotála i gcoinne duine.
(Of swimmer) He found bottom again, fuair sé áit a bhonn arís.
I found it buried under my papers, tháinig mé air agus é i bhfolach faoi mo chuid páipéar.
If I chance to find it, más dán go bhfaighidh mé é; má tharlaíonn sé go bhfaighidh mé é.
To get, find, the clue to sth., eochair ruda a aimsiú; fionscail a fháil faoi rud.
If I could find some congenial employment, dá bhféadfainn obair a fháil d'oiriúnódh mé.
You will find the grocer’s around the corner, tá an grósaeir romhat ach a gcasfaidh tú an coirnéal.
He was finding it difficult to do, bhí sé ag dul rite leis é a dhéanamh.
Directional-finding station, stáisiún treo-aimsitheach.
He found her frankness disarming, bhí sí chomh macánta sin gur bhain sí dá lúdracha é.
To find employment for s.o., obair a fháil do dhuine.
Enclosed (herewith) please find ..., istigh leis seo gheobhaidh tú ...
You will not find his equal, ní bhfaighidh tú a chómhaith de dhuine.
He found himself in a false position, sáinníodh é sa chaoi go mb'éigean dó dul in aghaidh a choinsiasa féin.
To find fault with s.o., duine a lochtú, locht a fháil ar dhuine.
He found favour with the king, gained the king's favour, thug sé an rí ar a thaobh,
Abs.To find out about sth., eolas a fháil i dtaobh ruda, eolas a chur ar rud.
What have you done with it? Find out! cad a rinnis leis? Fiafraigh den chat é!
To find s.o. out, (i) dul amach ar dhuine; (ii) breith amuigh ar dhuine.
He found the birds flown, ní raibh roimhe ach an easair fholamh.
He has found his feet, tá sé bunaithe ann; tá sé chun fiaigh, chun reatha.
You will find him a formidable enemy, is eagal duit é mar namhaid.
I find the argument difficult to grasp, is deacair liom brí na hargóinte a thabhairt liom.
To find a common ground for negotiations, teacht ar bhunús éigin caibidle.
To find s.o. guilty, not guilty, duine a fháil ciontach, neamhchiontach.
He was found guilty, fuarthas, tugadh, ciontach é.
I find it hard to believe it, is doiligh liom a chreidiúint.
I could not find it in my heart, I hadn't the heart, to do it, ní ligfeadh mo chroí dom, ní bhfaighinn ó mo chroí, a dhéanamh.
To find an issue out of . . ., bealach amach a fháil as ...
To find the joint in the armour, teacht ar an mball lag.
When he found his legs, (i) nuair d'éirigh leis seasamh; (ii) nuair a thuig sé a chumas féin; (iii) nuair rinne sé bun ina ghnó.
He found his level, bhain sé amach an t-ionad ba dhual dó.
I want to find one like it, tá a mhacasamhail, a leithéid eile, uaim.
A likely spot to find s.o., áit a mbeifí ag súil le duine a bheith.
He found himself locked out, fuair sé an glas ar an doras roimhe.
I had looked to find a stern master, le máistir dian a bhí súil agam.
To find a loop-hole of escape, poll éalaithe a aimsiú.
To find a market for sth., ceannach a fháil ar rud.
To find a means to do sth., dóigh, caoi, a fháil le rud a dhéanamh.
To find sth. to one's mind, bheith sásta le rud; taitneamh a thabhairt do rud.
(With neg. expressed or implied) It is nowhere to be found, níl sé le fáil thíos ná thuas.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News