Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: cleave · heave · lave · lease · leaved
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for leave »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
leave1, s. 1 Cead m -a. To beg leave to do sth., cead a iarraidh rud a dhéanamh. Leave to go, cead imeachta. By your leave, with your leave, le do chead, i gcead duit. To give s.o. leave to do sth., a cheadú do dhuine rud a dhéanamh. 2 a Saoire f. Mil: Leave (of absence), cead m scoir. Shore leave, cead dul i dtír. To be on leave, bheith ar scor. He came home on leave, tháinig sé abhaile ar cead. Absence without leave, bheith as láthair gan chead. To break leave, imeacht gan chead. b The prisoner was released on ticket of leave, scaoileadh an príosúnach ar choinníoll. To break one's ticket of leave, coinníoll na saoirse a bhriseadh. 3 To take one's leave, slán, cead, a fhágáil ag (duine, áit); ceiliúradh do (dhuine). To take French leave, (i) imeacht gan fhios, gan chead gan cheiliúradh; (ii) gnó a dhéanamh gan feitheamh le cead. 4 Bill: To give one's opponent a leave, cuid den chluiche a thabhairt don chéile comhraic.
leave2, v.tr. 1 Fágaim. a F: Take it or leave it, tóg leat é nó fág i do dhiaidh é. b He left a wife and three children, d'fhág sé bean agus triúr clainne ina dhiaidh. She is well, badly, left, fágadh caoi ar fónamh, droch-chaoi, uirthi. c He left his money to his daughter, d'fhág sé a chuid airgid (le huacht) ag a inín; thiomnaigh sé a chuid airgid dá inín. d He left the door open, d'fhág sé an doras ar oscailt. To leave a page blank, leathanach a fhágáil bán. That leaves John free to do what he wants, fágann sin cead ag Seán a rogha rud a dhéanamh. He is left to himself, ní chuirtear isteach ná amach air. Let us leave it at that, fágfaimis sin mar atá (sé). e To leave hold, F: leave go (of sth.), greim a scaoileadh f He left his bag in the luggage room, leag sé isteach a mhála i seomra an bhagáiste. To leave sth. with s.o., rud a fhágáil faoi chúram duine, ag duine. g To leave s.o. to do sth., obair a fhágáil faoi dhuine. Leave it to me, fág fúmsa é (a dhéanamh). Leave it to time, fág faoi Dhia é. I leave it to you whether I am right or wrong, fágaim fút féin a rá cé acu atá an ceart agam nó nach bhfuil. h To be left, fanacht, bheith fágtha. There are three bottles left, tá trí bhuidéal fágtha, fanta, fós ann. He staked what money he had left, chuir sé síos ar fhan d'airgead aige, fuílleach a chuid airgid. Nothing was left to me but to . . . ní raibh an dara rogha agam, ach. . . i Three from seven leaves four, a trí óna seacht sin a ceathair. 2 a Imím ó (áit, dhuine), fágaim (áit, duine), scaraim le (duine). He has left Galway, d'fhág sé Gaillimh; tá sé imithe as Gaillimh. I left home at eight o'clock, d'fhágas an baile ag a hocht a chlog. To leave the room, dul amach as an seomra. To leave one's bed, éirí as an leaba. You may leave us, féadann tú imeacht. It was late when I left him, bhí sé déanach nuair a scaras leis. To leave the table, éirí ón mbord. To leave one's situation, do phost a thabhairt suas, éirí as do phost. On leaving school, ar fhágáil na scoile (dhom). Nau: To leave harbour, an caladh a fhágáil; cúl a thabhairt le cuan. We leave tomorrow, beidh muid ag imeacht amárach. He has just left, níl sé ach díreach imithe. (Just) as he was leaving, on leaving, agus é ar tí imeacht b Tréigim, fágaim i mo dhiaidh. He left his wife, thréig sé a bhean; d'imigh sé óna bhean c (Of train) To leave the track, imeacht den ráille.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Don't leave those papers lying about, ná fág na páipéir sin caite ar fud an bhaill.
To leave sth. out of account, to take no account of sth., rud a fhágáil as an áireamh.
Mil: Their left flank was in the air, bhí an eite chlé gan chosaint acu.
Leave, let, him alone, (i) éist leis, lig dó; (ii) lig leis, tabhair an bealach dó.
Leave it alone, ná bain leis.
Your work is all right, leave it alone, tá do chuid oibre mar is ceart, fág é mar atá sé.
The boat left the anchorage, scoith an bád a feistiú.
There are few, if any, left, níl mórán fágtha, má tá ceann ar bith.
Leave it as it is, fág é mar atá sé.
F: He was left to hold the baby, fágadh i mbun an bhacáin é.
Am I to leave? bhfuil orm imeacht? an gcaithfidh mé imeacht?
Come and see me before you leave, tar ag amharc orm sula n-imeoidh tú.
The frost has bitten the leaves, tá na duilleoga dóite ag an sioc.
To leave blanks, spáis bhána a fhágáil.
F: His death leaves a blank, d'fhág a bhás easnamh orainn; níl a shamhail ina dhiaidh ann.
To browse (on) leaves, duilliúr a ithe, a chrinneadh.
By your leave, i gcead duitse.
To be (left till) called for, le fágáil go n-iarrtar; Post: ar postluí.
To leave, vacate, the chair, imeacht as an gcathaoir.
To leave everything to chance, gach uile shórt a fhágáil faoin gcinniúint.
F: That leaves me cold, is beag mo shuim ansin.
F: To leave s.o. out in the cold, neamhshuim f a dhéanamh de dhuine; cúl na láimhe a thabhairt do dhuine.
A point that has been left out of consideration, pointe nár rinneadh scrúdú air.
He didn't leave a crumb, níor fhág sé oiread na fríde.
To cut a long story short, she left him, le scéal gairid a dhéanamh de, d'imigh sí uaidh.
Tree denuded of leaves, crann lomtha.
It leaves much to to be desired, níl sé thar mholadh beirte.
To leave s.o. to his own devices, duine a fhágáil ar a chonlán féin.
I'll leave it to your own discretion, fágfaidh mé fút féin é, faoi do chomhairle féin é.
Not a window was left entire, níor fhan fuinneog slán (ann).
Fallen leaves, duilleoga tite.
To leave s.o. to his fate, duine a fhágáil i muinín na cinniúna.
There was no fight left in him, thréig an misneach é.
Leave it as you found it, fág é mar a fuairis romhat é.
I found she had left the house, fuaireas go raibh an teach fágtha aici.
He was left for dead, fágadh amhail marbh é.
To take French leave, imeacht gan chead.
Left front!, faoi chlé, tugaigí tosach!
To get leave (of, from, s.o.) to do sth., cead a fháil (ó dhuine) rud a dhéanamh.
To leave sth. as a guarantee, rud a fhágáil mar gheall.
Com: Goods left on our hands, earraí a fágadh againn (gan díol).
To leave harbour, dul chun na bá.
I am in haste to leave, tá deifir ag imeacht orm.
He left with a heavy heart, d'imigh sé agus ualach ar a chroí.
To leave no heel-taps, an ghloine a dhiúgadh.
F: To leave s.o. high and dry, duine a fhágáil ar an trá fholamh.
To leave, lose, hold of sth., greim ar rud a scaoileadh.
To leave home, an baile a fhágáil.
Box: Right, left, hook, cuarbhuille m deasóige, ciotóige.
To incline to the left, claonadh ar clé.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News