EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
marry1, v.tr. 1 (Of priest) Pósaim; (of parent) cuirim (iníon) i gcrích. She has three daughters to marry off, tá triúr iníon le cumhdach, le cur amach, aici. 2 a Pósaim, gabhaim céile. To marry money, pósadh ar son an airgid. b Abs. Pósaim. He married a second time, phós sé in athuair, ar ais. To marry into a family, duine de chlann (áirithe) a phósadh. He married beneath him, chuaigh sé i gcleamhnas le dream nár dhual dó. 3 a Nau: Cúplálaim (téada). b Sínim (téada) le chéile.
marry2, int.A: Muise! Muiricín!
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is of age to marry, tá aois a phósta aige.
The newly married couple, an lánúin nuaphósta.
They are engaged (to be married), tá lámh is focal eatarthu, tá siad dálta le chéile, luaite i gcleamhnas le chéile.
We must let her marry according to her fancy, caithfimid ligean di pósadh de réir a tola féin.
To marry s.o. for his money, duine a phósadh ar mhaithe lena chuid airgid.
He married a fortune, phós sé saibhreas, fuair sé spré mhór lena bhean.
To get a daughter married, iníon a chur i gcrích.
P: He went and got married, cad a rinne sé ach pósadh.
To marry for love, pósadh le teann grá.
A married couple, lánúin phósta.
She is old enough to marry, tá aois a pósta aici.
To get married quietly, pósadh gan scléip.
Recently married, nuaphósta.
To get married before the registrar, pósadh in oifig an chláraitheora.
To be married at a registry (office), pósadh i gclárlann.
Married and single, pósta agus aonta.
The married state, staid f an phósta.
He married below his station, phós sé bean ab isle céim ná é féin.
She is old enough to marry, to go to school, tá aois a pósta aici, tá sí in aois scoile.
What! He means to marry her! cumhdach Dé orainn! an bhfuil sé ag brath ar a pósadh!
To whom is he married? cé leis a bhfuil sé pósta? cén bhean atá aige?