EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
trouble1, s. Trioblóid f. 1 Buaireamh m; diachair f. He is in trouble, tá trioblóid air; tá sé i dtrioblóid. (Cp. 2 (b)). They are in great trouble, tá siad i gcruachás, ar anchaoi. His troubles are over, tá deireadh lena bhuaireamh. 2 a Money troubles, deacrachtaí fpl faoi airgead. Family troubles, cúrsaí buairimh ag baile. The trouble is that.., is é an áit a bhfuil an deacracht. . . He had a life of trouble, bhí saol buartha aige. You will have trouble with him, beidh do dhóthain cúraim ort leis. The child must be a great trouble to you, caithfidh sé go gcuireann an páiste go leor as duit. Prov: Troubles never come singly, nuair a thig cioth tig balc. He hasn't a trouble in the world, níl cíos, cás, ná cathú air. b To get into trouble, achrann m, tubaiste f, a tharraingt ort féin. He got into trouble with the police, tharraing sé na gardaí air féin. To get s.o. into trouble, to make trouble for s.o., trioblóid a tharraingt ar dhuine. To get a girl into trouble, cailín a chur ó chrích, ó rath. To get out of trouble, na haenna a thabhairt leat. To get s.o. out of trouble, duine a thabhairt as an abar. He is in trouble, tá sé in achrann (leis na gardaí, etc.). He is looking for trouble, tá sé ag tuar trioblóide dó féin. c To make trouble, iaróg f, achrann m, a chothú. If you do not consent he will make trouble, mura dtiocfaidh tú leis tógfaidh sé achrann. 3 Dua m, saothar m, ceataí f. To take the trouble to do sth., to go to, be at, the trouble of doing sth., é a chur de dhua ort féin rud a dhéanamh. It is not worth the trouble, ní fiú an saothar é. To give s.o. trouble, to put s.o. to trouble, dua a chur ar dhuine. I am putting you to a lot of trouble, is mór an trioblóid atá mé a chur ort; tá tú cráite agam. To put oneself to a lot of trouble, to give oneself a lot of trouble, to take a great deal of trouble, an-dua, an-trioblóid, a chur ort féin. He is sparing no trouble in order to be able to come, tá sé ar a dhícheall le go bhféadfaidh sé teacht. He thinks nothing too much trouble, níl a dhath mór aige. He had some trouble to do it, ní gan stró a rinne sé é. It is no trouble to make, ní faic in aon chor a dhéanamh. F: It is no trouble, ní stró ar bith é. He had a lot of trouble in getting it, shaothraigh sé go maith é. To have (had) one's troubles for nothing, do shaothar a bheith in aisce agat. 4 a Med: Tinneas m, aicíd f. Eye trouble, tinneas m súl. Digestive troubles, tinneas m goile. He has heart trouble, tá an croí ag cur air. What is the trouble? céard atá ort? b Aut: etc: Engine trouble, ainghléas m innill. c Ind: Labour troubles, imreas m lucht oibre.
trouble2, 1 v.tr. a Buairim, cuirim trioblóid ar, déanaim imní do, cráim. To be troubled about sth., bheith imníoch faoi rud. He has been much troubled about his son, fuair sé imní mhór de thairbhe an mhic. That does not trouble him much, níl sin ag cur lá buartha air. b (Of ailment) Cuireann, goilleann, ar (dhuine). I am troubled with rheumatism, tá mé ag gearán ar dhathacha, tá dathacha ag cur orm. c Cuirim as do, clipim, cuirim isteach ar. I am sorry to trouble you, mo leithscéal as trioblóid a chur ort. I shall not trouble you with the details, ní bheidh mé do do bhodhradh leis na mionchúrsaí. May I trouble you to shut the door? ar mhiste leat an doras a dhúnadh? To trouble oneself about sth., bheith do do bhuaireadh féin faoi rud. She was troubling about that, bhí sin ag déanamh imní, tinnis, di. To trouble oneself to do sth., dua ruda a chur ort féin. 2 v.i. a Tá mé buartha, imníoch(about, faoi, i dtaobh, mar gheall ar). Don't trouble about it, ná cuireadh sin imní ort. b Cuirim dua, saothar, orm féin; cuirim as dom féin. Don't trouble to write, ná bac le scríobh.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I had the same trouble as you, bhí an trioblóid chéanna orm a bhí ort féin.
It begets trouble, tarraingíonn sé trioblóid.
A cart-load of trouble, an draoi trioblóide.
The cause of the trouble, máthair f an oilc.
That will cost a lot of trouble, tarraingeoidh sé sin go leor achrainn.
a.A deuced lot of trouble, trioblóid an diabhail.
Without troubling yourself any further, gan a thuilleadh trioblóide a chur ort féin.
Gastric trouble(s), tinneas m goile.
To get s.o. into trouble, (i) achrann a tharraingt ar dhuine; (ii) clú (cailín) a bhriseadh; (cailín) a chur ó chrích.
To get at the root of the trouble, fréamh an achrainn a aimsiú.
To give yourself trouble, dua a chur ort féin.
He will not go to the trouble of doing it, ní chuirfidh sé de dhua air féin é a dhéanamh.
I didn't have any trouble, ní raibh stró ar bith orm.
To have infinite trouble in doing sth., trioblóid as cuimse a bheith agat ag déanamh ruda.
He was insensible to my trouble, ba chuma leis faoi mo bhuaireamh.
You are inviting trouble, tá tú ag tarraingt trioblóide ort féin.
To involve oneself in trouble, trioblóid a tharraingt ort féin.
He is itching for trouble, ag iarraidh iaróige atá sé.
Labour troubles, achrann m lucht oibre.
He laid up trouble for himself, bhain sé slaitín dó fhéin.
Lung trouble, galar m scamhóige.
Ta make trouble, callóid a chothú.
To pour oil on troubled waters, an clár mín a chur ar an scéal.
F: She had a peck of trouble, fuair sí a seacht sá den anró.
Action that promises trouble, gníomh a bhfuil tuar achrainn ann.
I expect no more trouble from that quarter, nílim ag súil lena thuilleadh trioblóide ón taobh sin.
As a recompense for his trouble, in éiric ar cuireadh de dhua air.
To run to meet one's troubles, dul in airicis do thubaiste.
It would have saved them all this trouble, shábhálfadh sé ar an trioblóid seo uile iad.
F: To scent trouble, trioblóid a aithint ag teacht.
The trouble is seated in the knee, sa ghlúin atá máthair an oilc.
She has had her share of trouble, d'fhulaing sí a cuid féin d'anó an tsaoil.
To spare s.o. the trouble of doing sth., dua ruda a chosc do dhuine.
A spot of trouble, ábhairín m achrainn.
Country suffering from labour troubles, tír atá suaite ag achrann lucht oibre.
F: To fish in troubled waters, bheith ag iarraidh achrann a chur chun tairbhe duit féin.
Troubled period (of history), ré corrach, achrannach (staire).
He gave himself a world of trouble, chuir sé an-dua den saol air féin.
It is not worth the trouble, ní fiú an saothar é.