EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
world, s. 1 a Saol m. In this world, ar an saol seo. The other world, an saol eile. The next world, the world to come, an saol atá le teacht. He is not long for this world, ní bheidh sé saolach. To go to a better world, dul ar slí na fírinne. World without end, (le) saol na saol. b She is alone in the world, tá sí léi féin ar an saol. Nothing in the world, rud ar bith; rud ar domhan. What in the world is the matter with you? cad é faoin spéir, faoi luí na gréine, atá cearr leat? I did not know what in the world to do, ní raibh a fhios agam faoin spéir cad a dhéanfainn. I would not do it for (all) the world, ní dhéanfainn é ar a bhfaca mé riamh, ar ór an tsaoil. He was for all the world like his father, ba é a athair ar athbhreith é. I would give the world to know, thabharfainn a bhfuil agam sa saol ach a fhios a bheith agam. 2 (Earth) Domhan m. To go round the world, cuairt an domhain a thabhairt. He has seen the world, tá an domhan siúlta aige. F: To knock about the world, imeacht ar fud an domhain. Map of the world, léarscáil f an domhain. All the world over, ar fud an domhain mhóir. How small the world is! castar na daoine ar a chéile (ach ní chastar na cnoic ná na sléibhte). World congress, comhdháil dhomhanda. 3 (Human affairs) It's the way of the world, sin an saol agat. Man of the world, fear a thuigeas an saol. He has gone down in the world, chonacthas an t-am a raibh sé ina shá den saol. He has the world before him, tá sé i dtús a reatha. What will the world say? cad a déarfas na daoine? The whole world, gach duine, an saol ar fad. The whole world was there, bhí an domhan is a mháthair ann. 4 a The theatrical world, saol na hamharclainne. The sporting world, lucht m rásaí, lúthchleas. b The animal world, cineál m na n-ainmhithe. 5 F: A world of money, na stórtha mpl airgid; airgead na hairí. He gave himself a world of trouble, chuir sé an-dua den saol air féin. He thinks the world of you, tá meas an domhain aige ort.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He was turned adrift in the world, tugadh air treabhadh as a eireaball féin.
The affairs of this world, gnóthaí an tsaoil seo.
The ancient world, an seansaol, an seanreacht.
He came down (in the world), baineadh as a chleachtadh é; briseadh anuas é.
With money one commands the world, an té a bhfuil airgead aige tá an saol faoina smacht aige.
The commercial world, an tráchtáil f, gnó m.
He is dead to the world, tá sé ina shámh chodlata.
To be done (to the world), bheith spíonta, tnáite.
My experience of the world, m'aithnese ar an saol.
The fashionable world, an ghalántacht.
He will get on (in the world), ardóidh sé (sa saol); beidh rath an tsaoil air.
F: He has gone down in the world, tá sé tagtha anuas sa saol; tá sé tite go mór sa saol.
To do good (in the world), tairbhe m a dhéanamh (sa saol).
This world's goods, maoin an tsaoil seo
He is ignorant of the world, níl a fhios aige dada faoin saol mór; tá sé aineolach ar chúrsaí an tsaoil mhóir.
In the world, ar domhan, sa domhan.
To knock about the world, an domhan mór a shiúl; imeacht ag fánaíocht ar fud an domhain.
Knowledge of the world, eolas ar an saol.
To get a lift up in the world, céim f suas sa saol a fháil.
The lower world, Ifreann m.
The Old World, (i) an Sean-Domhan m; (ii) an seansaol m.
The other world, an saol úd eile.
To live out of the world, maireachtáil san iargúil, gan fhios don saol.
He is famous all over the world, tá cáil air i gcríocha an domhain mhóir.
He is famous all the world over, tá clú air ar fud an domhain.
F: The princes of this world, uaisle an tsaoil seo.
To rise in the world, dul chun cinn sa saol.
He roams about the world, bíonn sé ag imeacht roimhe ar fud an domhain.
The second largest city in the world, an dara cathair is mó ar domhan; an chathair is mó ar domhan ach ceann.
He has seen a good deal of the world, tá eolas maith ar an saol aige.
To sequester oneself (from the world, etc.), dul ar an uaigneas, ar an iargúil.
Sinful world, an saol coireach.
Somewhere in the world, áit éigin ar domhan.
F: Such is the world! sin é an saol mór agat!
It takes all sorts to make a world, is iomaí duine ag Dia.
Sp: The world title, craobh f an domhain.
He travelled round the world, shiúil sé an domhan, thug sé cuairt na cruinne.
He hasn't a trouble in the world, níl cíos, cás, ná cathú air.
How wags the world? conas tá an saol? cén bhail atá ar an saol?
To wander the world, na réigiúin a shiúl.
To make one's way in the world, dul ar aghaidh, chun cinn, sa saol.
Myth: The Western World, An Domhan Thiar.
The whole world, an saol mór; an domhan iomlán.
The wide world, an domhan mór.
The seven wonders of the world, seacht n-iontais an domhain.
This workaday world, an gnáthshaol seo.
World-wide reputation, clú domhanda.