Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: aide · ide · wade · widen · wife
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for wide »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
wide. I a. 1 Leathan. The road is twelve feet wide, an bóthar dhá throigh dhéag ar leithead. How wide is the room, cén leithead an seomra, cad is leithead don seomra? 2 (Of range, etc.) Fairsing. The wide world, an domhan mór. There is a wide difference between . . ., is fada ó chéile iad . . . 3 a (Cóta, etc.) fairsing, scóipiúil; (bróg) lochtmhar. b (Of opinions) Leathan, fial. 4 a To be wide of the mark, bheith i bhfad ón sprioc. The shot went wide, chuaigh an t-urchar folamh. S.a. BERTH1 1. b Cr: Wide ball, liathróid iomrallach.   widely, adv. Go forleathan, go fairsing. Widely read newspaper, páipéar a léitear go fada fairsing. He is widely read, (i) (of author) an-léamh ar a chuid leabhar; (ii) (of pers.) an t-uafás léite aige. He is widely known, aithne go fada leitheadach air. That is a widely held opinion, sin tuairim atá coitianta. He has travelled widely, mórán siúlta aige. Widely different versions, leaganacha i bhfad ó chéile, gur mór eatarthu. II   wide, adv. 1 I bhfad. Far and wide, i bhfad agus i ngearr; i gcéin agus i gcóngar. Wide apart, i bhfad ó chéile. 2 Go fairsing, ar leathadh. He yawned wide, rinne méanfach asail. He opened the door wide, d'oscail siar an doras.
RELATED MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He has a wide circle of acquaintances, mórán lucht aitheantais aige.
Wide acquaintanceship, aithne mhór.
With one's feet wide apart, agus na cosa scartha.
He is wide awake, (i) ina lándúiseacht; (ii) F: níl néal air.
To give a ship a wide berth, a fairsinge a fhágáil ag long.
To give s.o. a wide berth, duine a sheachaint.
He has a wide choice, breith agus rogha aige.
He made a wide circuit, chuir an-timpeall, cor mór bealaigh, air féin.
Newspaper with a wide circulation, páipéar nuachta a bhfuil an-díol air, a léitear go leitheadach.
Com: Wide connection, caidreamh leathan (gnó, etc.).
Commercial traveller with a wide connection, taistealaí m tráchtála a bhfuil custaiméireacht mhór aige.
The river grows ever wider, an abhainn ag dul i leithne i gcónaí, ag síorleathnú.
He opened his eyes wide, leath na súile air.
Far and wide, go fada fairsing, i gcéin is i gcóngar.
How wide? cén leithead?
His wide knowledge of. . ., an t-eolas mór atá aige ar . . .
To be wide of the mark, bheith i bhfad ón bhfírinne.
Wide-meshed, leathanmhogallach.
Mouth wide open with surprise, béal ar leathadh leis an iontas.
Wide prospect radharc m fairsing.
Av: Wide range of speeds, réim mhór luas.
Wide range of patterns, an-fhlúirse patrúin éagsúla.
Research ranging over a wide field, taighde a bhfuil scóip fhairsing aige.
Undertaking of wide scope, gnó forleitheadach.
He has a wide scope of activities, lámh i mórán cúrsaí aige.
To shoot wide of the mark, (i) urchar iomrallach a scaoileadh; (ii) F: bheith i bhfad ón bhfírinne.
To fling the gates wide open, na geataí a oscailt amach siar, a chur ar leathadh.
Wide-open eyes, súile ar leathadh.
He is wide awake, (i) ina lándúiseacht; (ii) F: níl néal air.
Wide-spread opinion, tuairim atá an-choitianta, forleathan.
World-wide reputation, clú domhanda.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News