Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: oráid · córáid · óráidí · córaid · móraid
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
F: After the chairman's speech there was a general exodus from the hall, i ndiaidh óráide an chathaoirligh bhánaigh an halla.
To flounder in a speech, dul amú, san abar, in óráid.
He gabbled out a speech, rop sé trí óráid.
To give a speech, óráid a dhéanamh.
They greeted the speech with cheers, thógadar liú moltá don óráid.
His speech created a great impression, chuaigh a óráid i gcion, i bhfeidhm, go mór.
Maiden speech, an chéad óráid (ag teachta).
Main features of a speech, príomhghnéithe óráide.
To make a speech, óráid f a dhéanamh.
Miserable speech, óráid shuarach.
Speech that hits the right note, óráid oiriúnach, thráthúil.
Off-hand speech, óráid gan ullmhú, neamhullamh.
Funeral oration, óráid f adhlactha.
To prime s.o. with a speech, óráid a chuir i gceann duine.
To pulverize s.o., (óráidí, etc.) a chaochadh; béal marbh a fhágáil ag (óráidí, etc.).
To report a speech, tuairisc a dhéanamh ar óráid.
Rousing speech, óráid spleodrach.
The mayor is scheduled to make a speech, tá beartaithe go dtabharfaidh an méara óráid.
Scrappy speech, manglam óráide.
F: Speech seasoned with wit, óráid dheisbhéalach.
Set speech, óráid a chumtar roimh ré; óráid ar phatrún.
That sounds well in a speech, cuireann sin maise ar óráid.
He is a very fluent speaker, is líofa an t-óráidí é.
To make, deliver, a speech, óráid a dhéanamh, a thabhairt.
To stick in a speech, cliseadh, dul in aimhréidhe, in óráid. v.tr.
Stirring speech, óráid bheoga, anamúil.
To stop short in a speech, tostadh go tobann i lár óráide.
To tag a speech with quotations, óráid a bhreacadh le sleachta.
I was unimpressed by his speech, ní dheachaigh a óráid i bhfeidhm orm.
Unprepared speech, óráid gan ullmhú.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News