PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The sun is set, tá an ghrian ina luí.
The sun beamed (forth) its rays, bhí an ghrian ag tonnadh solais.
The sun was beaming, bhí an ghrian ag soilsiú, ag dealramh, ag spalpadh.
v.i.The sun is beating down upon your head, tá an ghrian ag doirteadh anuas ar do chloigeann.
The sun was blazing down on us, bhí an ghrian ag scalladh anuas orainn.
The sun blazed out, scall an ghrian amach (as na néalta).
The sun is blinding me, tá an ghrian ag baint na súl asam.
The sun broke through (the clouds), scall an ghrian amach trí na néalta.
The sun is bringing on the plants, tá an ghrian ag cur borrtha faoi na plandaí.
The sun dipped below the sea, chuaigh an ghrian i bhfarraige.
The sun is down, tá an ghrian imithe faoi.
He thinks no end of her, is dóigh leis gur aisti a éiríos an ghrian; tá meas an domhain aige uirthi.
The sunlight falls on the peaks, dealraíonn an ghrian ar na beanna.
How good it is to see the sun again, nach aoibhinn an rud é an ghrian a fheiceáil arís.
The sun is getting higher, tá an ghrian ag ardú.
The sun is out, tá an ghrian ag scairteadh.
The sun plays on the water, tá an ghrian ag damhsa ar an uisce.
I was roasting in the sun, bhí an ghrian do mo scalladh.
To shade sth. from the sun, an ghrian a choinneáil ó rud.
The sun is shining, tá an ghrian ag taitneamh.
The sun shone(out) after the rain, scairt an ghrian i ndiaidh na báistí.
The sun shot out, scairt, scall, an ghrian amach.
The sun is shining, tá an ghrian amuigh, ag taitneamh.