Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: San · scun · shun · sin · sín
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for sun »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
sun1, s. a Grian f. The sun is shining, tá an ghrian amuigh, ag taitneamh. Under the sun, ar aghaidh na gréine. F: His sun is set, tá a ré caite. Nau: F: To take, shoot, the sun, airde na gréine a thomhas. With the sun, deiseal; bealach na gréine. Against the sun, tuathal; in aghaidh na gréine. b To have one's place in the sun, bheith ar do shástacht. Full in the sun, faoi iomlán gréine. To take the sun, dul amach faoin ngrian; tú féin a ghrianadh. To get a touch of the sun, goin f, béim f, ghréine a fháil. There's nothing better than it under the sun, níl a shárú faoin mbogha bán, faoi rothaí na gréine.
sun2, v.tr. Tugaim an ghrian, grianghoradh m, do (éadach, etc.); grianaim. To sun oneself, tú féin a ghrianadh.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The alternate action of sun and rain, lorg na gréine agus na báistí ceann i ndiaidh an chinn eile.
Alternations of rain and sun, grian agus báisteach faoi seach.
He was basking in the sun, bhí sé á ghrianú féin, bhí sé ag déanamh bolg le gréin.
The sun is set, tá an ghrian ina luí.
The sun beamed (forth) its rays, bhí an ghrian ag tonnadh solais.
The sun was beaming, bhí an ghrian ag soilsiú, ag dealramh, ag spalpadh.
v.i.The sun is beating down upon your head, tá an ghrian ag doirteadh anuas ar do chloigeann.
The sun was blazing down on us, bhí an ghrian ag scalladh anuas orainn.
The sun blazed out, scall an ghrian amach (as na néalta).
Blazing sun, grian f scallta, grian loiscneach.
The sun is blinding me, tá an ghrian ag baint na súl asam.
Sun-blind, dallóg ghréine.
The sun broke through (the clouds), scall an ghrian amach trí na néalta.
The sun is bringing on the plants, tá an ghrian ag cur borrtha faoi na plandaí.
The sun brings out the roses, spréann na rósanna leis an ngrian.
His face is browned by the sun, tá dath na gréine ar a aghaidh.
A face burnt by the sun, aghaidh a bhfuil dath na gréine uirthi.
Burnt by the sun, dóite ag an, ón, ngrian.
A cloud darkened the sun, tháinig scamall ar an ngrian, chuir scamall smúit ar an ngrian.
Declining sun, grian an tráthnóna.
The sun dipped below the sea, chuaigh an ghrian i bhfarraige.
The sun is down, tá an ghrian imithe faoi.
Curtains faded by the sun, cuirtíní teilgthe ag an ngrian.
Flaming sun, grian scallta.
In the full glare of the sun, faoi spalpadh, stealladh, na gréine.
The first gleams of the sun, céad dealramh na gréine.
How good it is to see the sun again, nach aoibhinn an rud é an ghrian a fheiceáil arís.
Make hay while the sun shines, buail an t-iarann nuair atá sé te.
Heating action of the sun, téamh m na gréine.
Clouds hid the sun, tháinig néal ar an ngrian.
The sun is getting higher, tá an ghrian ag ardú.
In the sun, faoin ngrian.
By the light of the sun, of the moon, le solas na gréine, na gealaí.
Melting sun, grian mharfach, bhruite.
The sun at noon, grian an mheán lae.
The noonday sun, grian an mheán lae.
Clouds obscured the sun, bhí smúit ar an ngrian ag na néalta.
The orb of the sun, meall m na gréine.
The sun is out, tá an ghrian ag scairteadh.
Mec.E: (Sun-and-)planet-gear, giar m pláinéadach.
The sun plays on the water, tá an ghrian ag damhsa ar an uisce.
The heat that radiates from the sun, an teas a spréitear ón ngrian.
The earth revolves round the sun, casann, imrothlaíonn, an domhan timpeall na gréine.
I was roasting in the sun, bhí an ghrian do mo scalladh.
Poet: At set of sun, le luí gréine
The setting sun, luí na gréine; an ghrian ag dul faoi,
To shade sth. from the sun, an ghrian a choinneáil ó rud.
The sun is shining, tá an ghrian ag taitneamh.
The jewel shone in the sun, bhí an tseoid ag lasadh faoin ngrian.
The sun shone(out) after the rain, scairt an ghrian i ndiaidh na báistí.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News